skip to main content

Seoladh Oifigiúil ar an gCraobh Rugbaí Aontaithe Úrnua

RTÉ agus TG4 tagtha le chéile chun breis is 150 uair d'aicsean rugbaí saorchraolta a chur faoi bhráid lucht spéise na hÉireann. An 24 Meán Fómhair a chuirfear tús leis an gclúdach Connachta, Mumha agus Laighin ar fad beo i mBabhta 1.

Tá sé fógartha ag RTÉ agus TG4 ó tharla an URC úrnua a bheith á sheoladh go hoifigiúil, go mbeidh breis is 150 uair de rugbaí de scoth an domhain á chur ar fáil ar bhonn saorchraolta do lucht spéise na hÉireann. Beidh na cluichí ar fad a mbeidh ceithre cúige na hÉireann páirteach iontu beo agus saorchraolta ar teilifís na hÉireann agus tús á chur leis an URC den chéad séasúr.

Cuirfear tús le clúdach saorchraolta beo RTÉ agus TG4 ar an gCraobh Rugbaí Aontaithe Dé hAoine an 24 Meán Fómhair, nuair a bheidh Connachta beo ar TG4. Beidh neart aicsin ansin ann ar an Satharn (an 25 Meán Fómhair) agus Laighin beo ar TG4 agus Mumha beo ar RTÉ.

Beidh Rugbaí Beo TG4 fós ar an gclár rugbaí suaitheanta ag an stáisiún a chraolfaidh 26 cluiche ina mbeidh clubanna chúigí na hÉireann chomh maith le 16 cluiche ina mbeidh foirne clubanna idirnáisiúnta. Beidh aicsean eisiach ag Spórt TG4 ar a dtarlaíonn sa chúlra le linn an chomórtais ar a chuid cainéal meán sóisialta.

Beidh cluiche ceannais an URC ar fáil saorchraolta freisin agus RTÉ agus TG4 ag déanamh sealaíochta chun é a chraoladh beo gach dara bliain.

Dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennet "Tá scoth na lúthchleasaithe feicthe againn ar RTÉ Sport i gcaitheamh na bliana agus iad i mbun coimhlint i gcoinne céilithe comhraic ag ardleibhéal sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Cuireann go bhfuilimid ábalta clúdach saorchraolta a chur ar fáil dár lucht féachana agus éisteachta de na cúigí san URC athdhéanta gné nua leis sin agus cuireann ar ár gcumas a chinntiú go mbeidh ardán ag scoth imreoirí rugbaí na hÉireann chun spreagadh a thabhairt do na glúnta amach anseo ar mhaith leo geansaí a gcúige nó na tíre a chaitheamh lá éigin."

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha; "Tá TG4 ag cur rugbaí idirchúige os comhair lucht spéise na hÉireann ó chéad laethanta na Sraithe Ceiltí sa bhliain 2001 agus táimid ag súil leis an gcéad chéim eile seo a ghlacadh leis an URC agus foirne na hAfraice Theas a fheiceáil mar chuid de sceideal Rugbaí Beo. Neartaíonn an chomhpháirtíocht seo le RTÉ tiomantas TG4 an t-aicsean is fearr spóirt a chur faoi bhráid an lucht féachana agus éisteachta chomh maith leis an gclúdach ar an aicsean sin a chur ar fáil saorchraolta agus ar bhealach a mbeidh teacht ag gach duine den lucht leanúna air.

Martin Anayi, Príomhfheidhmeannach Chraobh Rugbaí Aontaithe; "Is cúis iontach fuadair é go mbeidh an URC agus cluichí na gcúigí ar fáil go forleathan ar bhonn Saorchraolta ar teilifís in Éirinn agus is fada linn go gcuirfear tús spleodrach leis an aicsean sin le linn an chéad deireadh seachtaine le cluichí den scoth ar RTÉ agus TG4 ina mbeidh Laighin agus Mumha ag tabhairt aghaidh ar dhá fhoireann mhóra na hAfraice Theas, na Vodacom Bulls agus Cell C Sharks. Labhair muid cheana faoina bhféadfaí a bhaint amach lenár gcomhpháirtíocht nua le RTÉ agus TG4 agus beimid ábalta sin a fheiceáil ag teacht chun fíre i gceann seachtaine."

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Rugbaí Beo TG4 i láthair agus cuirfidh Eimear Considine, Deirbhile Nic a Bhaird, Niamh Ní Dhroma, Marcus Horan, Ronan Loughney, Eoghan Ó Neachtain and Eamonn Molloy chomh maith le neart eile a gcuid sainscileanna anailíse ar fáil. Is é Gary Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta. Beidh Gemma Ní Chionnaith ag cur na sraithe i láthair in ionad Mháire Treasa fad a bheidh sí ar saoire mháithreachais amach sa bhliain.

Cuirfear tús le clúdach saorchraolta beo RTÉ agus TG4 ar an gCraobh Rugbaí Aontaithe Dé hAoine an 25 Meán Fómhair ar TG4 nuair a thabharfaidh Cardiff aghaidh ar Chonnachta. Craolfar an cluiche idir Laighin agus na Vodacom Bulls ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4 ar an Satharn an 25 Meán Fómhair.

Is iad Jacqui Hurley agus Daire O'Brien a bheidh ag cur URC Live RTÉ i láthair agus beidh sárphainéalaithe ina dteannta.

Cuirfear tús le URC Live RTÉ ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player beidh Jacqui Hurley beo ó Pháirc Thuamhan agus Mumha ag cur tús lena bhfeachtas in aghaidh na Cell C Sharks. Donal Lenihan agus Hugh Cahill a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Beidh tráchtaireacht iomlán ar fáil ar RTÉ Radio 1 agus ar RTÉ 2FM ar na príomhchluichí ina mbeidh foirne chúigí na hÉireann ag imirt chomh maith le tuairiscí, anailís agus agallaimh le linn an tséasúir.