skip to main content

Cúram an chroí

Bhí taom croí ag Seán Breathnach ón Rinn i bPort Láirge an tseachtain seo caite, agus in agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mhínigh sé go raibh an t-ádh leis a bheith beo mar nach raibh an cúram a bhí ag teastáil uaidh ar fáil dó in Ospidéal Phort Láirge, agus gurb éigean é a chur go Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh faoi dheifir.

San agallamh le Helen Ní Shé, dúirt Seán go raibh fearg air nach bhféadfaí breathnú ina dhiaidh i bPort Láirge.

"Tá fearg orm nach raibh mé in ann dul go Port Láirge agus go bhféachaidís i mo dhiaidh thíos ansan... Tá go leor daoine tar éis bás a fháil ar thaobh an bhóthair ar a slí go Corcaigh nó Baile Átha Cliath mar gheall air seo."

Mhínigh Seán gur bhuail pianta é oíche Dé Céadaoin, ach nár thug sé aird mar is ceart orthu go dtí maidin Dé Sathairn nuair a moladh dó a dhul gan mhoill go dtí an ospidéal, agus gan tiomáint é féin.

Tugadh isteach láithreach é, ach ba léir an-tapaidh go mbeadh gá é a aistriú go Corcaigh don chúram a bhí ag teastáil, mar go raibh baol ann go mbeadh taom croí eile aige.

"Níl an tseirbhís i bPort Láirge.Tá dhá cath lab i bPort Láirge, ach níl aon dochtúirí nó banaltraí ann chun iad a oibriú... Níl siad oscailte ag an deireadh seachtaine. Má tá tú chun taom croí a bheith agat nó má tá aon trioblóid leis an gcroí agat, caithfidh tú é a dhéanamh in uaireanta oifige.""Tháinig beirt leaids otharchairr isteach agus bhí trolly acu agus dúirt siad 'Are you Seán?'‘I am’ arsa mise.‘You’re coming with us.’ ‘You’ve the wrong fella’ a dúirt mise.‘We’re going for a spin now.’ Agus dúradar go rabhamar ag dul go Corcaigh agus nach mbeadh muid ag déanamh aon mhoill."

Tugadh Seán san otharcharr go dtí Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh, agus dúirt sé san agallamh go raibh sé thuas ar an mbord ansin agus na tástálacha leighis tosaithe taobh istigh de dhá nóiméad ón uair gur shroich siad an t-ospidéal.Bhí siad in ann fáil réidh ansin leis an mbac a bhí ina chroí, ach tuigeann Seán go raibh an t-ádh dearg leis, agus gur iomaí duine nach raibh an t-ádh céanna leo. Tá sé ar ais sa bhaile sa Rinn ó oíche Dé Céadaoin.

Dúirt sé go raibh sé in am ag na polaiteoirí gníomhú ar na gealltanais a bhí tugtha do mhuintir an iardheiscirt le fada.

"Ó thosaigh COVID tá gach rud curtha ar leataobh – ní amháin na seirbhísí croí, ach seirbhísí ailse agus mar sin de, tá siad saghas dearúdta."

"Tá sé in am acu anois Port Láirge a chur ar an gcéad chéim, ní an chéim dheireanach, tá muid sa chúl do gach rud – ní hamháin an t-ospidéal, ollscoil, city development agus obair go léir seo a bhí le déanamh acu... tá siad go léir dearúdta ... Leaids tógaigí amach an méar agus déanaigí rud éigin do mhuintir Phort Láirge.