skip to main content

Why are we so GAFA with tractors?

RTÉ ONE, Dé Máirt, 7pm

An tseachtain seo ar GAFA, tá muid ag lorg freagra do cheist mhór ár linne, cén fáth 'bhfuil muid chomh tógtha le tarracóirí

An tseachtain seo, táimid ag iarraidh fáil amach cén fáth a bhfuil muintir na hÉireann gafa le tarracóirí - ó ócáidí tarracóirí don charthanacht go hagóidí tarracóra, agus ó sheónna seantarracóirí go dtí an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, tá seanchaidreamh againn leis na meaisíní seo.

Ba i gCorcaigh i 1919 a thóg Henry Ford an Fordson tarracóir agus ba i gContae an Dúin i 1935 a chruthaigh Harry Ferguson a chéad tharracóir. Buailimid leis an mbean taobh thiar den Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus caithimid súil siar ar na tarracóirí ar an Toy Show a chur fonn orainn ar fad John Deere dár gcuid féin a bheith againn.

GAFA, RTÉ ONE, Dé Máirt, 7pm