Labhair aoieagarthóir na hirise Comhar, Anna Heussaff le Fachtna Ó Drisceoil ar Tús Áite maidir leis an eagrán speisialta den iris tiomnaithe don ghéarchéim aeráide.

Deir Anna go bhfuil go leor san eagrán seo a théann go croí an duine maidir leis an éigeandáil aeráide atá buailte linn. I measc na nithe sin, deir sí go bhfuil mothúcháin an duine, eagla, fearg agus diúltiú mar go bhfuil muid ag iarraidh an saol a choinneáil mar atá chomh fada agus is féidir.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5.