skip to main content

Gafa le Grá

Anocht, Dé Máirt, 14 Meán Fómhair 2021 ag 7pm ar RTÉ One, féachann Gafa ar théama mór an tsaoil, an grá.

Ar chlár na hoíche anocht, féachaimid siar ar an rud is mó a bhímid ag déanamh imní faoi – an tóir ar an ngrá. Tá athrú as cuimse ar an gcaoi a dtugaimid faoin gcuardach, ach bíonn an ceann scríbe i gcónaí mar an gcéanna, an duine foirfe sin a aimsiú.

Téimid siar ar bhóithrín na smaointe in Gafa le Grá, ag cuimhneamh ar an am a bhí grá le fáil sna "ballrooms of romance" agus tríd an gcleamhnas agus caithimid súil dóite ar shaol an ghrá sa lá atá inniu ann.

Is cuma cén bealach a roghnaímid le grá a aimsiú, i ndeireadh na dála, táimid ar fad sa tóir ar an rud céanna.

Gafa, anocht, Dé Máirt, 14 Meán Fómhair ar RTÉ One ar 7pm