Tá buaiteoirí Ghradam Ceoil na Bliana 2021 fógartha ag TG4, gradaim trína léirítear urraim do cheoltóirí a bhfuil an ceol traidisiúnta tugtha chun cinn, neartaithe agus caomhnaithe acu in Éirinn.
Tá sé 27 bliain ó reáchtáladh searmanas bronnta na ngradam den chéad uair, a chraolfar ar TG4 ar Oíche Shamhna chun 25 bliain ó cuireadh tús le TG4 a cheiliúradh. Is in Whitla Hall in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a bheidh an searmanas ar siúl.
Bronnfar Ceoltóir na Bliana 2021 ar Angelina Carberry. Rugadh Angelina in Manchain ach tá sí ina cónaí sa Longfort ó na 1990idí, áit ar as a muintir.
Is ar an bhfeadóg stáin a thosaigh Angelina ag seinm ceol traidisiúnta ach ní raibh sé i bhfad gur thosaigh sí ar an mbainseó, mar sheinn a seanathair Kevin roimpi. Tá clú agus cáil ar mhuintir Carberry ina gceoltóirí, seinneann athair Angelina, Peter, an bosca cnaipí, seinneann a seanuncail, Peter, chomh maith lena mhac Noel agus a gharmhic Diarmuid agus Kevin, na píb uilleann. Cé go bhfuil stíl a seanathar, Kevin, a raibh aithne mhaith air ina cheoltóir ag céilithe agus ag damhsaí tí sa Longfort, le brath ar stíl Angelina, tá a stíl mheidhreach bheoga féin freisin aici ar an mbainseó.

Bhí sí ina ball freisin den ghrúpa ar mná ar fad iad na rannpháirtithe, na Bumblebees. I measc cheoltóirí an ghrúpa bhí buaiteoir Ghradam na bliana seo caite, an cruitire Laoise Kelly, an boscadóir Colette O'Leary, agus Angelina ar an mbainseó agus ar an maindilín.
Bronnfar Ceoltóir Óg na Bliana ar an bhfidléir Sorcha Costello as Tulach in oirthear chontae an Chláir. Tá oidhreacht shaibhir ceoil i muintir Shorcha; is í Mary MacNamara a máthair, bean atá aitheanta as bheith ag seinm ar an gconsairtín, agus téann ginealach ceoil a seanmháthar Ita i bhfad siar.
Bronnfar Cumadóir na Bliana ar Steve Cooney. Rugadh Steve Cooney in Melbourne san Astráil in 1953, tháinig sé go hÉirinn sa bhliain 1980 agus tá ceangal fós aige le cultúr na mBundúchasach ann, a ghlac isteach le Steve féin. Tá ceangal ag a shinsir le Tiobraid Árann, leis an gCabhán agus le Gaillimh. Tá aithne ar Steve Cooney as an stíl tionlacain ar an ngiotár a d'fhorbair sé in Iarthar Chiarraí do cheol damhsa traidisiúnta na hÉireann, stíl a bhfuil an-tionchar aici ar cheoltóirí eile, agus ar bronnadh an Gradam Siamsaíochta Náisiúnta air féin agus ar Shéamus Begley ina leith sa bhliain 1997.
Is ar Niall Hanna Thír Eoghain a bhronnfar Amhránaí na Bliana. Tá Niall báite sa cheol ó bhí sé an-óg - rinne a sheanathair Geordie Hanna, deirfiúr Geordie, Sarah Anne O'Neill agus muintir Hanna agus muintir O'Neill cinnte dearfa de sin. Ghlac Niall go fonnmhar le stór amhrán traidisiúnta Uladh i gcoitinne, fad a bhí sé ag cur lena chumas amhráin a chumadh chomh maith. Téann mórtas áite agus mórtas muintire go mór i gcion ar cheol Niall, agus tríd a shaothar aonair agus na tionscadail éagsúla ceoil ina mbíonn sé páirteach, bíonn ceol agus amhránaíocht Uladh á gcur chun cinn aige os comhair lucht féachana agus éisteacha níos leithne in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.
Bronnfar Gradam Saoil na bliana seo ar an gCorcaíoch ó dhúchas Seán Ó Sé a bhain cáil amach ar dtús ina amhránaí. Ba é An Poc Ar Buille, a chan sé agus a thaifead sé le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann sna 60idí, an t-amhrán ba cháiliúla dá chuid. Ó shin i leith, glactar leis go bhfuil a ghlór ar cheann de na glórtha is binne in Éirinn, glór nach a bhfuil a shárú le fáil agus é i mbun na fonnadóireachta.
Bronnfar Gradam Comaoine na bliana 2021 ar The Glengormley School of Traditional Music.