Bhíodh na sluaite i dTrá Lí d'Fhéile na Rós ach ní hamhlaidh atá i mbliana. Labhair Dáithí Ó Sé le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhféile.

Deir Dáithí Ó Sé go bhfuil súil le Dia aige go mbeidh siad thar n-ais an bhliain seo chugainn. Go hiondúil, bíonn baile Thrá Lí lán le craic agus spraoi le linn na seachtaine seo. Ní raibh aon fhéile ann anuraidh ach an oiread ach tá Dáithí dóchasach go mbeidh féile den chéad scoth ann an bhliain seo chugainn.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-.100