skip to main content

Bill Murray i nGaeltacht Mhaigh Eo

An bhfuil éinne a chuireann gliondar ar ár gcroíthe cosúil le Bill Murray? Tá an aisteoir ar cuairt ar Éirinn i láthair na huaire agus i nGaeltacht Mhaigh Eo mar chuid de chlár teilifíse faoin ngalf.

Tógadh cúpla grianghraf de Murray ar an gcúrsa gailf i mBéal an Mhuirthead, i lár Ghaeltacht Mhaigh Eo. Bhí an t-aisteoir ar chúrsaí gailf i gcontae Chill Mhantáin agus tá sé i gceist aige taisteal chuig mórchúrsaí eile na tíre seo ar a thuras.

An mbeidh sé ag tacú le Maigh Eo amach anseo? Cá bhfios!