skip to main content

Tá an Comórtas Amhrán Tí ar ais arís ar 2FM

Tá an eispéaras Gaeltachta fíorúil, Gaeltacht X, agus RTÉ 2FM ag obair le chéile arís le blaiseadh an tsamhraidh a thabhairt do dhéagóirí

Tá riméad ar Gaeltacht X agus RTÉ 2FM a fhógairt go mbeidh Comórtas Amhrán Tí Gaeltacht X ar ais arís i mbliana, agus go leanfaidh traidisiúin an gné lárnach na gcolaistí samhraidh ar aghaidh, cé go bhfuil na coláistí samhraidh dúnta don samhradh, ar chuntais Gaeltacht X agus beo ar an aer ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl - le láithreoir agus scríbhneoir Ola Majekodunmi, a bheidh mar chomhfhreagraí Gaeltacht X leis an stáisiúin.

Ola Majekodunmi

Bhíodh comórtas na n-amhrán tí i gcónaí mar bhuaicphointe dóibh siúd a chaith a gcuid samhraidh i gceantair Ghaeltachta ó Chorca Dhuibhne, go Leitir Meallain go Rann na Feirste.

Tá GX agus 2FM ag lorg leaganacha Gaeilge d'amhráin chlúiteacha nó amhráin nuachumtha ó dhaoine óga, ina n-aonar nó tríd "Tigh" a chur le chéile agus iad a thaifead thar Zoom nó módh taifeadta eile a chloíann leis an scairiúnt sóisialta.

Ní hamháin go mbeidh duais seachtainiúil ann de €300, ach beidh deis ag ollbhuaiteoir a n-amhrán a bheith seinnte ar an staisiúin náisiúnta RTÉ 2FM, chomh maith le duais airgid de €1000.

Gach seachtain roghnófar dhá amhrán. Beidh Ola ar an gclár maidin Chéadaoin leis na hamhráin a sheinnm do Doireann, Donncha agus Carl, agus ansin osclófar pobalbhreith poiblí ar chuntas Instagram Gaeltacht X (@gaeltachtx). Beidh 24 uair a chloig ag na héisteoirí agus na leantóirí vóta a chaitheamh ar son an amhráin is fearr leo sula fhógrófar an buaiteoir ar an gclár maidin Dhéardaoin. Beidh Raidió Rí-Rá, an cairt stáisiúin do dhaoine óga, ag tacú leis an togra chomh maith tríd cuidiú leis na gearrliostaí a roghnú.

Is féidir amhráin a sheoladh isteach ón lá inniu go dtí Dé hAoine, 20 Lúnasa. Roghnófar amhráin ar bhonn seachtainiúil - mar sin is luaithe a sheolfar isteach d’iarratas, is mó seans go roghnófar é. Rachaidh an chéad bhabhta d’amhráin amach ar an aer Dé Céadaoin, 04 Lúnasa. Seol iarratais go gx@cnag.ie. Le tuilleadh eolais a fháil agus leis na coinníollacha a léamh, téigh go cnag.ie/epgx.

Nóta don eagathóir: Is ardán ar líne é Gaeltacht X, éascaithe ag Conradh na Gaeilge le blaiseadh den eispéaras choláiste samhraidh a thabhairt do dhaoine óga sa bhaile, le láithreacht agus lárnú a dhéanamh ar an teanga agus an domhan mór athruithe thar timpeall orainn. Cuireann Gaeltacht X ábhair, craic agus pobal ar fáil do dhéagóirí na tíre. Tá Gaeltacht X á n-eagrú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Rialacha

Taifead - Déan taifead ar leagan Gaeilge d'amhrán nó úrnua (45 soicind) - mar thigh (grúpa) nó i d'aonar. Tá fáilte roimh fhiseán nó glórtheachtaireacht, ach déan cinnte go mbeidh caighdeán ard ar an bhfuaim mar seans go mbeidh sé á seinnm ar an raidió!

Seol - Seol chugainn ag gx@cnag.ie é, chomh maith le d'ainm/ainmneacha gach duine sa ghrúpa, aois/aoiseanna agus contae gurb as duit/daoibh.

Éist - Roghnóidh Moltóirí Gaeltacht X dhá amhrán in aghaidh na seachtaine le bheith san iomaíocht an tseachtain sin. Seinnfear an dhá amhrán ar RTÉ 2FM maidin Chéadaoin.

Vóta - Beidh éisteoirí an chláir raidió agus leantóirí Gaeltacht X in ann vóta a chaitheamh ar phobalbhreith ar chuntas Gaeltacht X ar Instagram ar feadh 24 uair a' chloig. Déanfar buaiteoir an phobalbhreith a fhógairt maidin Dhéardaoin ar 2FM Breakfast with Doireann, Donncha and Carl. Bronnfar €300 ar bhuaiteoir na seachtaine agus rachaidh siad ar aghaidh ag an babhta deiridh chomh maith.

Craobh - Rachaidh an 4 buaiteoir in aghaidh a chéile sa seachtain deireanach mar chraobh. Seinnfear gach amhrán ar na scéalta maidin Chéadaoin agus arís beidh 24 uair a chloig ag na leantóirí/éisteoirí vóta a chaitheamh ar an gceann is fearr leo.

Coinníollacha

- Táimid ag glacadh le hiarratais ón Aoine 30 Iúil go dtí Aoine 20 Lúnasa - ach mar go mbeidh amhrán nua á roghnú go seachtainiúil, is luaithe is fearr lena sheoladh isteach!

- Caithfear gur aistriúchán nua atá ann (nach bhfuil le cloisteáil áit ar bith eile) nó amhrán nuachumtha.

- Roghnófar na hamhráin leis an méid is mó spraoi, spiorad, cruthaitheacht ó thaobh úsaid na Gaeilge de agus a dtaitníonn leis na moltóirí.