Labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoin gceantar ina bhfuil siad lonnaithe agus a bhfuil ann dóibh agus do chuairteoirí. An iarraidh seo, is i gConamara atá láithreoir, An tSeachtain, Máirín Ní Ghadhra.

Cén áit a bhfuil tú lonnaithe formhór na bliana?

Tá mé i mo chónaí ar an gCeathrú Rua le ós cionn fiche bliain.

Cad iad na nithe is fearr leat faoin gceantar?

Áilleacht an cheantair agus an nasc leis an sean saol. Traidisiúin nach raibh aon taithí agam orthu le linn m'óige fós beo bríomhar - na báid seoil, na geallta agus an spraoi a bhaineann leo an sampla is fearr. Tá pobal óg bríomhar sa gceantar freisin - áit dheas le clann a thógáil.

Ar athraigh do mheon i leith an cheantair le linn na paindéime?

Ní dhearna dáiríre ach go bhfuil mé buíoch ó tharla muid a bheith amuigh faoin tír nach raibh an oiread imní faoin ngalar.

An bhfuil aon bhia áitiúil a mholfá dóibh siúd atá ar cuairt chuig an gceantar?

Iasc úr agus fataí nua!

Dá mbeifeá le cur fút in aon cheantar Gaeltachta eile, cén acu a roghnófá?

Tá dáimh ar leith agam leis an Rinn mar gur ann a chaitheadh muid laethanta saoire mar chlann.

Bhíodh muid ag freastal ar Dhaonscoil na Mumhan 'chuile bhliain mar go mba mhinic le m’athair bheith ag caint ann. Bhí grúpa againn a d’fhás suas le chéile ón scoil náisiúnta go dtí an Ollscoil ag freastal ar an Daonscoil. Ceantar fíor álainn ar fhan cuid de mo chroí ann riamh ó shin.

Craoltar An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn ar a 11 agus Dé Domhnaigh ar a 10