Labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoin gceantar ina bhfuil siad lonnaithe agus a bhfuil ann dóibh agus do chuairteoirí. Is í Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag cur fuithí i dTír Chonaill an iarraidh seo.

Cén áit a bhfuil tú lonnaithe formhór na bliana?

Tá mise lonnaithe i nGaoth Dobhair, ag obair i RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga agus mo chónaí ar an Charraig, ceantar álainn ar fad, cois na trá agus na radharcanna is deise ann!

Cad iad na nithe is fearr leat faoin gceantar?

Tá muid buailte ar an fharraige anseo, ach faoi scáth na gcnoc, mar sin tá éagsúlacht sa taobh tíre- fiántas na mbeann, na tránna geala, na cnoic os ár gcionn - tá achan lá difriúil ó thaobh aimsire de agus cothaíonn an taobh tíre sin go leor ionainn mar dhaoine sílim- féiniúlacht , fiántas, cruthaitheach agus teacht aniar- tá muid abhus sa chuid is faide siar ó thuaidh den tír! Tá pobal deas anseo- pobal mór i gcomparáid le go leor ceantracha Gaeltachta agus neart as na Sé Chondae anseo sa tsamhradh fosta.

Ar athraigh do mheon i leith an cheantair le linn na paindéime?

Sílim gur chothaigh an phandéim mo ghrá don cheantar- bhí sin ann i gcónaí ach gan éalú ar bith , d'aimsigh mé áiteacha deasa siúil , d'aithin mé na hathruithe sa taobh tíre achan lá le himeacht na bliana agus d'aimsigh mé grúpa gálanta cairde snámha le am a chaitheamh leo - tá meas agam ar mo mhuintir agus ar an áit speisialta atá againn anseo - is fada mé ag craobhscaoileadh áilleacht Ghaoth Dobhair do mo chairde !

An bhfuil aon bhia áitiúil a mholfá dóibh siúd atá ar cuairt chuig an gceantar?

Mholfainn do dhaoine bia farraige a ithe anseo -tá rogha milteannach ann agus oidis dheasa ar fáil sa tsamhradh .

Tá béilte ar dóigh le sliogáin dhubha, crúbóga agus gliomach le fáil i gCaifé Khitty ar an Bhunbheag, dTigh Jack ar an Ghlaisigh, pasta na mara dTigh Sheáin Óig i Machaire Chlochair, scoith an bhidh dTigh Danny Minnie agus i gCaisleáin Óirin Anagaire. Tá go leor áiteacha deasa caifé ann anois ó thosaigh Covid 19 - an Taepod i gCnoc Fola nó an Buzzshack i Machaire Chlochair.

Dá mbeifeá le cur fút in aon cheantar Gaeltachta eile, cén acu a roghnófá?

Ceist dheacair! Tá mé ag taifead clár faoin chósta le Aniar faoi láthair agus chuaigh mo chuid ama i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach i bfheidhm go mór orm - tírdhreach cosúil le Dún na nGall - fiántas, spás , farraige, oileáin agus daoine breátha - mar sin, Ciarraí ach deacair an áit a roghnú, ach tá mo chroí anseo i nGleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.