Scríobhann Dónal de Brún faoin tsraith Aistí ón Aer a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug deis do scríbhneoirí a gceird a chleachtadh.

Tugann an cláir Aistí Ón Aer deis do scríbhneoirí úra agus do scríbhneoirí aitheanta píosaí scríbhneoireachta a léamh d'éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá meascán idir dhánta, ghearrscéalta, aistí faoin stair, faoin tsochaí agus neart eile le cluinstin ar an chlár
sheachtainiúil. De bharr gur ag léamh na n-aistí atá, tá an-tábhacht le húsáid gléasanna reitrice. Leagtar béim ar fhuaim na bhfocal, athrá, meafair, gáir agus béim. Ní hamháin go gcoinníonn na gléasanna seo aird an éisteora ach spreagann siad machnamh, mothúcháin agus smaointí chomh maith.


Tá gléasanna reitrice le sonrú i neart aistí a léadh go dtí seo ar Aistí ón Aer. Tá athrá ar an líne "…and one of the girls was accidently shot by one of our fellows" in úsáid in aiste Shíobhra Aiken, 'Mise agus Annie’. Díríonn Aiken aird ar scéal na mná óige a ndearnadh tagairt di sa leathabairt úd i gcuntas Mick Ó Hanlon, iarbhall den IRA. Imeacht timpisteach ba chúis le bás Annie Cardwell i 1922, mar a fuair Aiken amach faoi dheireadh. Léiríonn sí, áfach, gur minic gur fágadh ainmneacha ban ar lár i gcuntais faoi stair na tíre seo, rud atá soiléir i líne Ó Hanlon.

In aiste Sheáin Uí Mhainnín, ‘Súil Fhear na Léine Goirme’ úsáideann Ó Mainnín meafar le meon fuarchúiseach Derek Chauvin a chur chun cinn agus a ghlúin ar mhuineál an fhir a mharaigh sé anuraidh, George Floyd. Mar a bhí iasc mór faoi chois aige, seachas duine, dar le Ó Mainnín. Tá athrá ar an cheist "cá dtéann an t-anam?" le cluinstin san aiste ‘Sin an Áit’, le Roxanna Nic Liam, agus neart ceisteanna reitriciúla eile ina theannta sin. Tugann seo práinn ar leith do ghuthaíl na haiste, scríofa beagnach mar a bheadh píosa
filíochta ann. Ceistíonn Nic Liam cad a tharlaíonn d’anam an duine, agus cad a fhágfar leis na baill teaghlaigh agus na cairde a mhaireann tar éis an bháis. Ceisteanna a raibh neart daoine fágtha leo ar an drochuair i mbliana agus anuraidh go háirithe.

Peter Browne

Is cuimhneachán den phaindéim, agus an dóigh arbh éigean don saol athrú dá bharr, iad na taifid féin de na haistí agus uile ar Aistí ón Aer. Rinneadh na taifid uilig ó bhaile na scríbhneoirí, rud atá soiléir ó na difríochtaí i gcaighdeán na dtaifead, ach nach gcuireann isteach ar na cláir féin. Ar an ábhar seo, áfach, is cúis bhróin atá sna haistí faoin cheol. Tugann siad an seanam chun cuimhne, an chraic agus an cultúr atá in easnamh le níos mó na bliain anois, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cumas an cheoil acu!

Insíonn Peter Browne scéalta faoin taisteal a rinne sé fud fad na hEorpa ag seinm ceoil san aiste ‘Ceol Sráide,’ agus labhraíonn Freda Nic Giolla Chatháin faoi thábhacht an cheoil i saol an duine, más ag seinm nó ag éisteacht, folláin nó tinn. Tá neart scéalta greannmhara ag Peter Browne faoina chuid taistil, idir bhreabanna, rialacha diana agus philéir mhustaird. Cé gur léir nach raibh fáilte roimh na ceoltóirí i ngach áit a ndeachaigh siad, bealach iontach is ea é an ceol leis an domhan mór a fheiceáil, is cinnte. I gcás na haiste ‘Leas an Cheoil’, le Freda Nic Giolla Chatháin, tá neart buntáistí eile a bhaineann leis an cheol atá luaite aicise, idir chomhluadar, chairdeas agus chúram bó fiú. Leis an méid a deir Nic Giolla Chatháin faoin ardú brí a thugann ceol do dhaoine, tá sé ríthábhachtach go gceadófar ceol beo go luath, do na ceoltóirí féin agus do mheanma na tíre. Rud is ea seisiún maith ceoil traidisiúnta ar féidir bheith ag dúil go mór leis amach anseo.

Téama eile a tháinig aníos i go leor de na haistí ná stair trí shúile na mban. Luadh cheana, aiste Shíobhra Aiken, ach tá aistí le cloisteáil faoi mhná i gcogaí, mná spóirt agus stair neart ban eile a bhí faoi cheilt le fada de bharr aicme agus inscne s’acu. San aiste ‘Leningrad faoi Léigear’, le Zoya Nic Eibhearáird, insíonn Nic Eibhearáird scéal a sin-seanmháthar a mhair sa Rúis, in Leningrad. Díríonn ar aiste ar thréimhse ina saol idir 1941 agus 1944. Scéal suimiúil faoi bhean óg cróga arbh éigean di bheith ag obair go crua le bia a sholáthar dá teaghlach in am ina raibh fíor ghanntanas bia ann. Mar a deir Nic Eibhearáird, is beag a chloistear faoi chrógacht mná le linn an chogaidh domhanda, ach iadsan a bhí ag troid chomh maith, ag obair agus ag tógáil teaghlaigh i rith ama.

Casann Áine Durkin súil ar sheanfhocail san aiste ‘Sléacht Sleachta’ agus í ag cáineadh an dóigh ar caitheadh le mná na tíre seo go stairiúil. Luann sí cás suarach na "Magdalene Laundries", cultúr tromaíochta na tíre, agus an dóigh a raibh an eaglais agus an rialtas fite fuaite ina chéile. Úsáideann sí meafar ola ar uisce agus í
ag cur síos ar an chaidreamh seo. Is féidir tionchar na heaglaise a fheiceáil go fóill dar le Durkin. Deir sí gur minic a fheictear briathra Dé in úsáid le focail nimhe faoi mhná nó daoine aeracha a chosaint. Seans gur chóir smaoineamh arís, mar a deir Durkin, faoin seanfhocal "is binn béal ina thost."

Tá neart aistí cumhachtacha eile arbh fhiú éisteacht leo ar ábhair fhairsinge nár luadh anseo
– an t-athrú aeráide, sean-cheirdeanna agus aiste ghreannmhar faoi shaol príobháideach Dhomhnaill Uí Chonaill fiú ina measc. Tá na cláir féin le cluinstin ar sheinnteoir RTÉ go fóill agus is féidir éisteacht leis na haistí aonair chomh maith. Caillfear amach ar na hamhráin ar an dóigh sin, áfach, a théann go maith leis na hábhair a thagann rompu. Le linn na paindéime go háirithe, is deis ar leith é an chlár Aistí ón Aer le hardán a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge, deis fosta éisteacht leis na scríbhneoirí ina bhfocail féin. Le meascán
idir ghreann, ghráin agus go leor leor ábhar machnaimh, b’fhiú go mór tiúnáil isteach.

Is féidir leat éisteacht le Aistí ón Aer anseo