Labhair Cathal Ó Conaill ón gComhlucht Paddywagon ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi staid reatha an Paddywagon in Éirinn.

Deir Cathal go bhfuil an fleet busanna agus an fhoireann de 185 dímhaoin le breis agus bliain anuas. Easpa cinnteachta is mó atá ag cur as do Chathal faoi láthair mar 'n'fheadar éinne' cad a thitfidh amach sna laethanta amach romhainn.

Tá leasanna ar na busanna, chomh maith leis an iasachtaí ón mbanc chomh maith, dá réir, tá airgead ag dul amach agus níl aon airgead ag teacht isteach.

'Tá an tionscal ar na glúine', a deir Cathal mar gheall ar an tionscal turasóireachta. Ag caint ar an gcabhair atá ag teastáil, deir Cathal go gcabhródh iasacht airgid ón rialtas.

Helen Ní Shé

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00