skip to main content

'Tá mo shaolsa athraithe ag TG Lurgan'

Labhair Séamus Ó Scanláin le Aedraen Ó Dubhghaill ar An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fear as Contae Laoise, múinteoir faoi oiliúint, a bhfuil láimh aige i gcúrsaí feiliméireachta agus ar athraigh TG Lurgan a shaol.

Ag déanamh cur síos air féin, deir Aedraen gur duine dearfach é don chuid is mó agus go dtuigeann sé anois ag féachaint siar gur aistear foghlama atá sa saol. Spreagadh Aedraen i dtreo chúrsaí cultúrtha agus teanga nuair a chuaigh sé siar go Conamara nuair a bhí sé ina dhéagóir.

Séamus Ó Scanláin

Ag caint ar chúrsaí talún agus an cheangail atá ag Aedraen agus a theaghlach leis an talamh, deir sé go dtugann sé sólás dó.

Craoltar An Chéad Ghlúin Eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt ag 1.30