Go speisialta do Bhloomsday, reachtálfar ocáid speisialta ar líne i nGaeilge. Cuirfear blúire den téacs ar fáil aisrithe go Gaeilge chomh maith le ceol agus íomhánna.
Cloistear macallaí Hóiméir i mórshaothar Joyce. Dhein Séamas Ó hInnéirghe agus Séamas Ó Mongáin Ulysses Joyce a aistriú agus foilsíodh é i ndosaen mionphaimfléad. Roghnaigh Eoin P Ó Murchú blúirí astu a léifidh na haisteoirí Hilary Bowen-Walsh, Eoin Ó Dubhghaill agus Seán T. Ó Meallaigh. Chomh maith leis sin cloisfear amhráin á rá ag Noel O'Grady a shamhlaítear le haimsir an tSeoighigh agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán de Bhleá Cliath i dtús an 20ú haois.
Joyce's Ulysses carries multiple echoes of The Odyssey. Between 1987 and 1992 all of Ulysses was translated into Irish by Séamas Ó hInnéirghe and Séamas Ó Mongáin in twelve small pamphlets. This unique performance of selected extracts chosen by Eoin P Ó Murchú will feature actors Hilary Bowen-Walsh, Eoin Ó Dubhghaill and Sean T. Ó Meallaigh. It will also feature songs associated with Joyce’s time, performed by Noel O’Grady; and will feature on-screen projections of photos of early 20th century Dublin by Margaret Lonergan.
Is féidir leat clárú don ócáid seo anseo
This event is in partnership with IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge