Amárach, reachtáilfear lá speisialta do dhaoine óga ina gcuirfear béim ar shamhlaíocht agus chruthaitheacht. Tá ceangail láidir ag an nGaeilge le cruthaitheacht agus seo roinnt de na himeachtaí a bheidh ar siúl as Gaeilge.

Feamainn agus Farraige

Make your own mini cleimin (a traditional Irish seaweed raft) with artist Jeni Roddy, to play with at the beach. Then take your cleimin home and learn how to make seaweed fertiliser from it to help you grow your plants this Summer. We will use cúpla focal Gaeilge faoin bhfarraige (a couple of Irish words about the sea) along the way.

Níos mó eolais anseo

"Lá Amuigh Faoin Spéir" – Tóraíocht Taisce don Teaghlach.

Beidh ócáid speisialta ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta mar chuid de Chruinniú na nÓg ar an 12 Meitheamh i mbliana. Deis iontais an dúlra agus an nádúr a thabhairt faoi deara – éin, bláthanna, crainn, ainmhithe, feithidí srl. trí bheith ag spaisteoireacht leis an gclann cois trá nó cois locha, ar phortach nó sliabh, i gcoill nó i ngleann nó ag láthair oidhreachta.

Beidh na gasúir ag foghlaim faoi chúrsaí timpeallachta agus an tábhacht a bhaineann leis le linn na hócáide seo, gan trácht ar an deis aclaíochta a bheidh ann do theaghlaigh i gcomhluadar a chéile agus iad amuigh faoin aer.

Cláraigh anseo anois le deis a fháil páirt a ghlacadh san ócáid spraíúil seo agus seolfaidh muid tuilleadh eolais faoin Tóraíocht Taisce chugaibh.

Tuilleadh eolais anseo

Shape a Scéal le Sadhbh: Dual Language Workshop Irish/English

Tarraing ciorcal. Céard a fheiceann tú? Aghaidh? An ghriain? Pláta? Sa cheardlann seo beidh muid ag úsáid cruthanna le scéalta a chruthú. Níl ag teastáil ach páipéir A4, pinn/pinn luaidhe daite agus do shamhláíocht le do phictiúirleabhar féin a chruthú!

When you draw a circle, what do you see? A face? The sun? A plate? In this workshop, we'll be using simple shapes to inspire stories. All you will need is A4 paper, some colouring pens/pencils, and your imagination to create your very own picturebook!

Cláraigh anseo


TG4

Díreoidh Cruthaím aird ar óige na hÉireann le daoine óga sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe, agus caithfear solas ar a mbeocht agus agus ar na talainn ar leith atá acu. Beidh Gaeilgeoir óg amháin as gach contae chomh maith le duine amháin as an líon mór daoine óga ónár diaspóra ag léiriú a gcruthaitheacht i sraith fiseán a chraolfar ar Youtube Cúla 4 ón 2ú Meitheamh go dtí an 12ú Meitheamh. Tabharfar glór don óige agus deis ar leith iad féin a chur i láthair agus a léiriú céard é an chruthaitheacht dóibh.

Den chéad uair riamh, léireofar dráma i nGaeilge don ardán Tik Tok do Cruinniú na nÓg. Scéal grá na Debs idir Gillian agus Séamus a léireofar sa dráma seo. Is faoin haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok a bheidh an dráma seo. Craolfar an dráma ina míreanna ar Tik Tok bloc_tg4 ón Satharn 12 Meitheamh. Is é an scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty, stiúrthóir cruthaitheach Samhlú 2020 a chruthaigh an dráma seo i bpáirt le daoine óga. Iarrfar ar an lucht féachana a bheith páirteach agus a ndrámaí féin a chruthú agus clibeáil a dhéanamh ar @bloc_tg4 agus #Fairytale.

Níos mó eolais anseo