Ag tosú anocht, 10 Meitheamh ag 7pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá ‘An Seisiún’, a ainmníodh ag gradaim IMRO, ar ais le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sa tsraith seo, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo taifeadta ar feadh 12 uair an chloig agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin. Cloisfidh an lucht éisteachta na grúpaí i mbun oibre, agus mar a éiríonn leo teacht le chéile chun an sprioc a bhaint amach.

Bíonn an léiritheoir ceoil aitheanta Karl Odlum ag cuidiú leis na ceoltóirí na hamhráin a thaifeadadh. Roghnaítear ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le bheith ag obair le chéile sa stiúideo, rud a chiallaíonn go mbíonn toradh faoi leith leis an dua. In eagrán 1, is iad laoch Chorcaí John Spillane, an t-amhránaí as Conamara Róisín Seoighe agus an rapálaí as Cill Mhantáin Oisín Mac Giolla Bhríde a bheidh le cloisteáil. In eagrán 2, beidh an fidléir Bernadette Nic Gabhann, Daidí (féincheaptha!) Reggaelton USHMUSH agus an t-amhránaí iomráiteach TADHG.

Tadhg

Tá An Seisiún curtha i láthair agus léirithe ag Cian Mac Cárthaigh agus Lisa McGeough, agus tá Fearghal Saxe mar innealtóir fuaime ar an tionscadal. Tá coincheap ‘An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.

Thosaigh an léiriúchán seo ag deireadh mhí Feabhra 2020 nuair a rinneadh taifeadadh ar eagráin 1 agus 2 in Sun Studios i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Beidh na heagráin seo á gcraoladh ar an 10 agus 17 Meitheamh agus déanfar taifeadadh ar an gcuid eile den tsraith níos déanaí sa bhliain nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh. Gheofar blaiseadh den chaoi ina raibh rudaí (agus mar a bheidh arís) i stiúideo taifeadta sna cláracha seo agus déanfar ceiliúradh ar na ceoltóirí a ghlac páirt agus a thug léargas dúinn ar an bpróiseas cruthaitheacha.

? An Seisiún le John Spillane, Róisín Seoighe agus Oisín Mac | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin, 10 Meitheamh, 7pm

? An Seisún le Bernadette Nic Gabhann, Ushmush agus Tadhg | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin, 17 Meitheamh, 7pm