skip to main content

Comhfhreagraí nua RTÉ Conor Macauley

Labhair Conor Macauley le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról nua mar chomhfhreagraí sna Sé Chontae.

Is as Deisceart Ard Mhacha do Chonor ó thús ach tá sé ag cur faoi i gContae an Dúin. Tá Conor ag obair sna meáin le tríocha bliain anuas, idir nuachtáin agus craoltóireacht. Ceann de na rudaí is fearr le Conor ná go bhfuair sé deis a bheith 'lárnach in imeachtaí na linne'

Faoi láthair, tá Conor ag obair leis an BBC ar chúrsaí talmhaíochta agus na timpeallachta.

D'fhoghlaim Conor a chuid Gaeilge ar scoil agus deir sé go raibh Gaeilge timpeall orthu sa bhaile agus chomh maith le tréimhsí a chaitheamh i Rann na Feirste i dTír Chonaill.

Tosóidh Conor ina a ról nua le RTÉ sa bhFómhar.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 go meánlae.