skip to main content

Conspóid na leabhar scoile

Labhair Bríd Ní Bhraoin, Múinteoir Béarla i gColáiste Oirialla i Muineachán le Michelle Nic Grianna ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhfeachtas atá ar bun faoi láthair ag cur in éadan churaclam úr Béarla i meánscoileanna na tíre

Tá an feachtas seo ar bun ag múinteoir as Dún na nGall mar go gceapann sí go bhfuil na téacsanna atá roghnaithe don Teastas Sóisearach 'míshláintiúil' do na daltaí scoile mar go bhfuil téamaí ar nós ciapadh, gnéas agus féinmharú luaite iontu.

Michelle Nic Grianna

Tá Bríd Ní Bhraoin a labhair ar Bharrscéalta den mhalairt tuairim. Is múinteoir í sin freisin agus deir sí go bhfuil na daltaí in ann ag leabhair seo mar gur daoine óga iad atá ag teacht in inimhe iontu féin. '

'tá siad ina gcónaí i ndomhan nach bhfuil foirfe', a deir Ní Bhraoin.Tá eolas acu ar na nithe atá luaite sa leabhar agus tugann an seomra ranga spás sabháilte dóibh na hábhair seo a phlé faoi stiúir an mhúinteora, a deir sí.

Craoltar Barrscéalta ón Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 11am.