Labhair Mícheál Ó Céilleachair le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bplean atá ar bun ag roinnt feirmeoirí déiríochta ó Chorca Dhuibhne ag iarraidh fuinneamh inmharthana a úsáid ar a gcuid feirmeacha.

Deir Mícheál go mbaineann feirmeoirí déiríochta úsáid as an-chuid leictreachais agus iad i mbun a gcuid oibre agus go bhfuil sé i gceist acu é sin a laghdú chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide.

Luaigh Mícheál nach ionann cás aon fheirmeoir agus dá réir, beidh ar gach feirmeoir a scéal féin a fhiosrú maidir leis na féidearthachtaí atá i ndán dóibh. Ina chás féin, deir Míchéal cé go bhfuil cuid mhaith athruithe déanta aige, tá sé ag ceapadh go mbeidh sé ag athrú soilse go painéil ghréine agus mar sin de chun níos lú aibhléise a úsáid.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00