skip to main content

Cosc investigates why Mc Gahern's The Dark was banned in Ireland

Anocht, Dé Máirt, ag 7pm, ar RTÉ One, tagann an tsraith seo de "Cosc" chun deiridh le clár faoin gcosc a cuireadh ar an úrscéal "The Dark" le John McGahern.

Ba mhúinteoir bunscoile agus scríbhneoir é John Gahern. Bhí "The Dark" ar an dara húrscéal leis. Bhí gradaim buaite aige lena chéad leabhar "The Barracks" agus faoin am a raibh "The Dark" á fhoilsiú i 1965, bhí sé ar bhliain saor ón múinteoireacht, ina chónaí thar lear.

Sa bhaile, bhí díospóireacht mhór ar siúl nuair a tháinig sé chun solais go raibh cosc curtha ar "The Dark" agus nuair a tháinig McGahern abhaile, bhí a shaol chun athrú ó bhonn.

Doireann Ní Bhriain

Cad é faoi "The Dark" a chiallaigh gur cuireadh cosc air, agus cén fáth a raibh tionchar aige seo ar shaol ar fad John McGahern?

Doireann Ní Bhriain, Declan Kiberd, Diarmaid Ferriter, Aoife Bhreathnach agus Joe O' Toole a dhéanann plé ar na ceisteanna seo agus ceisteanna eile nach iad sa chlár anocht.

Cosc – John McGahern | RTÉ One | Anocht, 7 pm