Ba iad Fionnuala Donlon, cruit, agus Colm Broderick, píobaí, a thug leo Bonn Óir Seán Ó Riada oíche Dé hAoine. Ba é Peadar Ó Riada a chuir an chraobh i láthair beo ó Bhaile Bhúirne ar an gclár Cuireadh chun Ceoil.
Is as Dún Dealgan i gCo Lú d'Fhionnuala, 22, agus thosaigh sí ag casadh ceoil ar an gcruit nuair a bhí sí naoi mbliana d'aois. Tá sí ina múinteoir ionaid faoi láthair i Scoil Naomh Bríd i nDún Dealgan do pháistí le riachtanaisí speisialta, agus bíonn sí ag teagasc ceoil freisin in áiteanna éagsúla, ina measc Ollscoil Mhaigh Nuad. Dúirt sí go raibh ríméad uirthi an duais a bhaint, dea-scéal tar éis bliain a bhí an-dúshlánach dúinn go léir.
Na buaiteoirí anocht: Fionnuala Donlon ó Cho Lú agus Colm Broderick as Ceatharlach 🥇🥇#BonnSOR @Peadaroriada pic.twitter.com/sADWUD75dP
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) May 7, 2021
Is as baile Cheatharlaigh do Cholm Broderick, 22, agus ba le seit píobaí go mba le Liam O'Flynn tráth iad, agus Willie Clancy roimhe sin, a bhuaigh sé an bonn óir, údar bróid agus misnigh dó a dúirt sé. Is ábhar oide é Colm, agus tá sé sa tríú bliain faoi láthair i gColáiste Mhuire gan Smál. Bíonn se ag teagasc ceoil freisin, agus súil aige a bheith ag múineadh ag Scoil Fiorúil Samhraidh Willie Clancy i gceann cúpla mí.
Ba iad Mick O'Brien, Laoise Kelly agus Michelle Mulcahy na moltóirí ar an gcomórtas, agus bronnadh an Bonn Óir agus €2500 an duine ar na buaiteoirí oíche Dé hAoine.
Éist le Cuireadh Chun Ceoil Dé hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 7