Craolfar an clár Plean Bee ar TG4 ar Lá Domhanda na mBeach, an 20 Bealtaine, clár faisnéise a thabharfaidh léargas ar an bplean Uile-Éireann um Pailneoirí. Is plean radacach é chun meath na mbeach agus na bpailneoirí a chur ina cheart ar fud na hÉireann.
Tá an plean, atá molta go hard go hidirnáisiúnta, ag tabhairt spreagadh do shaoránaigh, do phobail agus d'eagraíochtaí ar fud na hÉireann aghaidh a thabhairt ar mheath na mbeach agus ar mheath na bpailneoirí agus é a iompú droim ar ais. Tá meath na mbeach agus na bpailneoirí ag tarlú le blianta fada in Éirinn – de bharr móin a bheith á baint, cultúir, truaillithe, athrú aeráide agus galair. Íocfaidh lucht talmhaíochta go daor as an meath seo, tiocfaidh meath ar bhláthanna fiáine agus crainn, agus go leor gnéithe eile den dúlra a bhfuil neamhaird déanta dóibh.
Cuireadh tús leis an bPlean Uile-Éireann um Pailneoirí (AIPP) sa bhliain 2015. Is plean uathúil é a bhfuil mar aidhm leis meath na bpailneoirí a iompú droim ar ais trí chaidreamh a chothú le sochaí na hÉireann, chun arm saoránach de gharraíodóirí, d’fheirmeoirí, de ghrúpaí pobail agus de ghrúpaí spóirt, de chomhairlí agus d’úinéirí eile talún a spreagadh gan dochar a dhéanamh do Phailneoirí, an timpeallacht a chosaint agus, trí sin a dhéanamh, na glúnta atá le teacht a chosaint freisin.Inseoidh an Dr. Úna Fitzpatrick ón Ionad Náisiúnta Bithéagsúlachta, an tOllamh Jane Stout ó TCD, agus an Dr. Pól Mac Cana, ó Bhéal Feirste dúinn faoin iomad pailneoirí a oibríonn ar ár son, an bheach mheala, an bhumbóg, chomh maith leis na 77 speiceas den bheach aonair – beacha aonair de mhéideanna agus de dhathanna iontacha arb iad na pailneoirí is mó sa tír iad. Cé gurb iad na beacha is cúis leis an gcuid is mó den phailniú, ní mór na foichí, na leamhain, na féileacáin agus na beacha gabhair a thabhairt san áireamh.

Cluintear faoi mheath na ngnáthóg agus faoi fhoinsí an bhia, fadhbanna a gcaitheann na pailneoirí dul i ngleic leo. Gairdíní, páirceanna agus fál sceach a bhfuil diansaothrú déanta orthu, nó ar a gcuirtear lotnaidicídí, atá ag scriosadh gnáthóga nádúrtha na bpailneoirí a bhfuil dídean agus foinsí bia éagsúla de dhíth orthu le linn na bliana. Cothromaíocht leochaileach an nádúir – is iad a dhéanann torthaí agus barra, na crainn agus na bláthanna fiáine a phailniú – déantar sin ar mhaithe le bia agus dídean dóibh féin – ach tá an córas seo as riocht, agus tá na pailneoirí ag snámh in aghaidh easa.
Tá sé mar aidhm ag an AIPP, a sheol Úna agus Jane in 2015, go leor de shochaí na hÉireann a spreagadh chun gnáthóga agus foinsí bia a chosaint. D’fhoilsigh an AIPP pleananna gnímh do gach cineál gníomhaí, agus in Plean Bee, féachfar ar mar a laghdaigh Comhairle Chathair Dhoire agus Ceantar an tSratha Báin chomh minic agus a ghearrtar an féar i rith an tsamhraidh, chun deis a thabhairt do na bláthanna teacht faoi bhláth ar mhaithe leis na pailneoirí. Tabharfar cuairt ar theach gloine an phobail i nDún na nGall, ar scoil i mBaile Átha Cliath a chruthaigh polasaithe neamhdhíobhálacha maidir le Pailneoirí, feirm sa Mhuileann gCearr a leagan fál ar an sean-nós chun bithéagsúlacht a chur chun cinn, agus ar deireadh, tabharfaidh muid cuairt ar bhaile Bhun Cranncha áit ar ndearna an Chomhairle, Coiste na mBailte Slachtmhara agus daoine eile áit chun bláthanna a chur agus a ndéantar timpealláin agus an fearann páirce a chothabháil chun leasa na mbeach agus na bpailneoirí. Tabharfar léargas i ngach cás ar na céimeanna tábhachtacha nach mór dúinn uile a ghlacadh chun an timpeallacht a chosaint.
Mar gheall ar chomh maith agus atá ag eirí le Plean na bPailneoirí agus an bhaint mhór atá ag an bpobal leis, tá tíortha eile, tíortha eile na hEorpa ach go háirithe, ag féachaint ar Éirinn le cuidiú leo staid na bpailneoirí ina dtíortha féin a fheabhsú. Is mór an difear atá an AIPP a dhéanamh, agus mar a deir Úna Fitzpatrick féin, 'agus an chuid is fearr de, níl muid ag iarraidh ar ‘aon duine amháin’ an fhadhb seo a réiteach, tá muid ag iarraidh ar ‘gach aon duine’ a bheith páirteach, beag beann ar an méid a dhéanann aon duine amháin, le chéile, réiteoidh muid an fhadhb.’
Plean Bee, 20 Bealtaine ar TG4 ar 9.30.