Scríobhann Pat Butler faoin gconspóid a chruthaigh Na Dubliners sa bhliain 1967 nuair a d'eisigh siad Seven Drunken Nights. Craolfar Cosc anocht, Dé Máirt, ag 7pm ar RTÉ One bunaithe ar an tréimhse úd.
1967. Mí na Bealtaine. Cairteanna Popcheoil na Breataine. Ar éigean a bhíomar in ann é a chreidiúint. Bhí 'Pictures of You' le The Who ag Uimhir a 9. 'Purple Haze' le Jimi Hendrix ag Uimhir a 8. Agus Na Dubliners s'againne ag Uimhir a 7 le 'Seven Drunken Nights'!!!
Agus má theip orainn ar dtús an ceann a chur timpeall air sin, bhí an cruthúnas ann ceithre seachtaine as a chéile - iad beo ar 'Top of the Pops' i dtosach agus ansin an físeán - fearaibh na bhféasóg, na fidle, an dá bhainseó agus an giotáir. Ronnie, Luke, Ciarán, John agus Barney. Ní chloisfeá ar Raidió Éireann é, áfach. Ná ar Raidió Teilifís Éireann ach an oiread.
Ba chuma sa tsioc linn mar nach raibh Seven Drunken Nights á bhéaiteáil amach 24/7 ar Radio Caroline, an longstáisiún bradach amuigh ar an mórmhuir, beag beann ar dhlíthe Gall ná Gael?
Bhí cnag mór na Dubliners curtha faoi thoirmeasc, faoi chosc, faoi chois, fiú, ag mandairíní caolaigeanta a raibh leathshúil acu ar leithéidí 'Mothers of Seven' agus an leathshúil eile ar bhachall an Ard-Easpaig. B'in ceannasaíocht chróga RTÉ sna laethanta sin duit.
Cad is an t-ádh ann ach go lastar suas sreangshoilse na ndeiseanna, san am ceart duit, san ord ceart duit, bolgán amháin i ndiaidh a chéile. Tóg 'Riverdance'. Ar ámharaí an tsaoil iarradh ar Moya Doherty Seó Eoraifíse 1994 a léiriú. Bill Whelan a roghnaíodh chun an eadarlúid cheoil a scríobh. Bhí Jean Butler agus Michael Flatley ar fáil. Biongó!
Mar an gcéanna le 'Seven Drunken Nights'.
Fuair Ronnie Drew an t-amhrán ó Sheosamh Ó hÉanaigh. D'fhás cairdeas eatarthu in earrach na bliana 1966 nuair a théidís go O’Donoghue's ar Rae Mhuirfean tar éis a bheith ar stáitse le chéile sa Gate i seó a rinne comóradh ar Éirí Amach na Cásca.

Bhí monaplacht an BBC ar láithriú ceoil briste faoin dtráth seo ag Radio Caroline. Agus cé bhí ina stiúrthóir ar Caroline ach an pop-entreprenuer Feirsteach Phil Solomon.
I 1967 shínigh Solomon na Dubliners dá stábla in Major Minor Records. Phil a roghnaigh '7DN' mar shingil ón gcéad fhadcheirnín a rinne na Dubliners leis, A Drop of the Hard Stuff.
Chas Radio Caroline 24/7 é.
Cuireadh faoi thoirmeasc é ag RTÉ.
Rinne Peter Whitehead, stiúrthóir avant-garde, an físeán do Top of the Pops.
Biongó!
Sreangshoilse na ndeiseanna lasta suas san am ceart, san ord ceart, bolgán amháin, ceann i ndiaidh a chéile.
Agus ní raibh droch-chasadh eile sa bhóthar ag na Dubliners as sin amach. Lainseáladh ar stáitse an domhain mhóir iad.
Is maith is cuimhin liom an t-earrach sin. Nuair nach rabhamar 'ag ullmhú' do na scrúduithe ceann cúrsa, mhaireamar beirt, Caoimhin Ó Murchú, nach maireann - solas na bhFlaitheas ar a anam lonrach óigh - príomh-anamchara na dara bliana agam in St. Pat's, Droim Chonrach - mhaireamar beirt ar an ragairne idir Theach Uí Néill, Rae Mhuirfean, O’Donoghue's trasna an bhóthair uaidh, agus, nuair a dhúntaí iad siúd, an 96 Folk Club, leathbhealaigh thuas Sráid Fhearchair ar thaobh na láimhe clé.
Grá don cheol agus neart piontaí ar bord, déarfainn, a thug ann muid, ag fáil oideachais den chéad ghrád ó leithéidí Paul Brady, Frank Harte, Al O'Donnell agus scaifte eile den déanamh is den seasamh sin.
Ansin, tar éis tae in St. Pat’s, chruinnímis sa Seomra Teilifíse chun ár míle sá a bhaint as 'Top of the Pops' ar an Déardaoin. Agus, i mí na Bealtaine na bliana 1967, cé a fuair an lámh in uachtar ar Jimi Hendrix, The Who agus The Monkees ach Ronnie Drew agus na Dubliners s’againne!
Tá an scéal go léir, le tuilleadh agus farasbarr, ag an gcliar ildánach a chruinnigh Garry Mac Donncha agus Michael McCormack ar 'Cosc', RTÉ ONE, anocht, Dé Máirt ag 7pm.
Bígí ann gan teip!