Labhair Breandán Ó Cíobháin, saineolaí ar logainmneacha na tíre seo le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhfocal 'Gaoth' atá coitianta i logainmneacha na tíre.

Cé go gceapfaimís go raibh an focal sin ag tagairt do ghaoth na spéire, deir Ó Cíobháin go mbaineann sé le huisce, i bhformhór na logainmneacha.

Helen Ní Shé

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 12.08-1.00