Labhair Caroline Seoighe ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina cuid oibre mar thionchaire faisin ar Instagram.
Is as Conamara do Charoline ó dhúchas ach tá sí lonnaithe i gCill Dara ag múineadh scoile ach chomh maith le sin, tá cúrsaí faisin agus smididh lárnach ina saol freisin.
Rinne Caroline cúrsa páirt-aimseartha fad agus a bhí sí ag teagasc i rith an lae. Ó shin i leith, tá Caroline ag plé le cúrsaí faisin, fiú nuair a bhí muid faoi dhianghlasáil, deir sí go raibh an-spéis ag a leantóirí sa bhfaisean.
Molann Caroline smideadh as Éirinn a cheannach agus tá sí féin ag ceannach na mbrandaí Éireannacha, i gcomparáid le roinnt blianta ó shin. Mar go bhfuil muid sáinnithe le siopadóireacht ar líne don chuid is mó, deir Caroline go bhfuil tionchar mór air sin ar ár gcuid nósanna siopadóireachta. 'Airím uaim lipsticks', arsa sí!
Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5