Labhair Ola Majekodunmi le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina híomhá coirp agus gach a bhaineann leis.
Scríobh an craoltóir agus scríbhneoir maidir le híomha coirp le déanaí agus deir sí go bhfuil feabhas mór tagtha ar a féiníomhá féin le tamaill anuas mar go raibh tréimhse ina saol nuair nach raibh sí compordach ina corp féin.
Molann sí éagsúlacht na gcorp atá timpeall orainn agus seachas comparáid dhiúltach a dhéanamh gur chóir dúinn na difríochtaí sin a cheiliúradh seachas a cheilt.
Luann Ola go bhfuil neart cainte i láthair na huaire faoi mheachán a chur in airde le linn na paindéime agus gur cheart dúinn a bheith ag díriú ar ár meabhairshláinte seachas an corp fisiciúil.

Maidir le daoine éagsúla a fheiceáil sna meáin, tá Ola den tuairim go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí ó bhí sí ina cailín óg ach go bhfuil teorainneacha fós ann.
Craoltar Bladhaire Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.