Scríobhann Daráine Mulvihill mar gheall ar thábhacht agus luach na cumarsáide atá in easnamh ar fhormhór againn anois agus muid bliain sa bhaile.
Tá bliain caite againn anois leis an gcianobair de bharr an Corónvíreas ach tá fadhanna cumarsáide ag cuid mhór daoine go fóill.
I dtosach na pandéime, shíleamar gur rud gearr-théarmach a bheadh i gceist leis an obair ó bhaile, ach tá sé rí-shoiléir anois go mbeidh an modhoibre seo ar siúl againn ar feadh tréimhse eile ar a laghad. Tá cuid mhaith comhlachtaí ag geallúint go mbeidh siad sásta ligint dá bhfostaithe leanúint le hobair ó bhaile nuair a bheidh ré an coróinvíris thart.
Ag macnamh ar sin, labhair mé le Eoghan Tomás McDermott Stiúrthóir Bainistíochta ag an Communications Clinic agus bhí roinnt leideanna aige chun cumarsáid le comhleacaithe a fheabhsú. Deir sé go bhfuil sé fíor thábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar na buneilimintí agus cinntiú go bhfuil do chuid idirghníomhaíochtaí gairmiúla táirgiúil, measúil agus bríomhar. Seo iad na moltaí eile a bhí aige:
Ar dtús, comhairle phraicticiúil: bíodh an cheamara ag leibhéal na súl agat: cuir an doras faoi ghlas le linn agallaimh poist; déan infheistíocht i gcábla ethernet chun droch-WiFi a sheachaint.
- Cuimhnigh go bhfuil na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le Zoom nó Microsoft Teams agus atá i ngach cumarsáid dhaonna– éist agus tabhair aird ar dhaoine eile. Bhí an fadhb seo ann roimis na paindéime fiú agus rinneadh neamhaird air seo go minic. Bímid ag féachaint ar ár bhfóin agus muid ag caint le comhghleacaithe. Cuir do ghuthán ar mhodh eitleáin. Tá a fhios ag daoine go géar nuair a bhogann do fhócas uathu go dtí an solas ar an bhfón, dar leat nár thug siad faoi deara.
- Déan an ceamara a chasadh ar siúl. Ní dhéanfaidh aon rud níos mó scrios ar an anam ná labhairt le bosca dubh le d'ainm air.
- Níos mó ná riamh, tá sé rí-thábhachtach a bheith i dtiúin le saol an duine eile. Ciallaíonn sé sin éisteacht - an scil cumarsáide is tábhachtaí agus is teirce atá ann.
- Más féidir, cuir grúpa WhatsApp ar bun dod’ fhoireann. Cuimhnigh ar ghlaoch gutháin sean-aimseartha ó am go ham. Bíodh cumarsáid agat le do chomhghleacaithe ar rudaí nach mbaineann le hobair. Caillimid luach an chruinnithe sin sa cheaintín nó sa dorchla.
- Tá sé riachtanach obair agus an baile a scaradh ó chéile. Caithfidh tú a bheith diongmháilte faoi. Bíodh "am téarnaimh" agat i rith an lae; sos atá leagtha amach go soiléir nuair a fhágann tú do spás oibre agus tugann tú faoi rud atá iomlán difriúil.
Pointí iontacha ansin. Go ginearálta, 'sé an slí is fearr le feidhmiú leis an gcianoibriú ná tuiscint a bheith agat gurb iad na rialacha cumarsáide a bhí i bhfeidhm san oifig atá ann go fóill agus tú ar líne.
Toisc nach bhfuilfimid i dteannta a chéile, tá sé tábhachtach comhrá a eagrú atá cairdiúl agus neamh-fhoirmeálta, chomh maith leis na cruinnithe ar Zoom nó Teams. A
gus, ar deireadh, do éinne atá faoi bhrú, is fiú labhairt leis an mbainisteoir atá agat. Seans maith go bhfuil daoine eile ar an bhfoireann leis na fadbanna céanna, agus mar is ghnáth, bíonn an dara saoi sa bhuaile i gcónaí.