skip to main content

Críoch cheolmhar le SnaGaeilge le Ceolfhoireann RTÉ, John Spillane agus Niamh Farrell.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, tá leagan Gaeilge den bhailéad álainn le John Spillane 'All the Ways you Wander' á chur i láthair ag Ceolfhoireann Choirme RTÉ.

An t-amhránaí Niamh Farrell a bheidh ag canadh leis an gceolfhoireann agus an file Simon Ó Faoláin a d'aistrigh go Gaeilge.

Is má ghlacann tú an cúrsa fada

An cúrsa fad' abhaile chughainn

Síos mar a mbíonn na draoithe

Is lucht aislinge ar a bhfán

Trí shléibhte na maidine

Trí ghleannta na hoích'

Sa tóir ar oileán mhianta do chroí

Táimid ar fad ag smaoineamh ar ghaolta agus ar chairde i bhfad i gcéin faoi láthair agus cé nach féidir linn a bheith le chéile anois, cuireann an t-amhrán seo i gcuimhne dúinn go mbeimid le chéile arís go luath. Is taifeadadh faoi leith é seo a bheidh le cloisteáil ar na hardáin éagsúla.

Is ceoltóir agus cumadóir é John Spillane a bhfuil iliomad gradam buaite aige. Tá Christy Moore, Sharon Shannon agus Seán Keane i measc na gceoltóirí a bhfuil a leagan féin dá shaothar déanta acu. Beidh a albam nua ‘100 Snow White Horses’ ar fáil ar an 2 Aibreán. Is ag tabhairt tionlacan giotáir don cheolfhoireann ar an taifeadadh speisialta seo a bheidh John.

Tá Niamh Farrell ag canadh iomlán a saoil. Chuala cairde le David Gray fúithi in 2013 agus ó shin, tá an domhan siúlta aici ar camchuairt leis agus tá sí le cloisteáil ar a albam nua ‘Skellig’. Tá neart bainte amach aici mar amhránaí, i mBéarla agus i nGaeilge agus chomh maith leis sin, is altra lán-aimseartha í sa Rannóg Timpistí agus Éigeandála in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath. Dar léi, ní fhéadfadh sí tabhairt faoi chleachtadh amháin gan an ceann eile.

Is file agus seandálaí é Simon Ó Faoláin. Bhain an chéad chunasach dá chuid, ‘Anam Madra’, gradam Gaeilge Glen Dimplex in 2008 agus d’éirigh le Simon Gradam Eithne and Rupert Strong do chéad chnuasach i nGaeilge nó i mBéarla a bhaint amach leis an gcnuasach céanna in 200