skip to main content

Athrú Aimsire do Sheachtain na Gaeilge

Fiona Ní Fhlaitheartha, láithreoir aimsire TG4
Fiona Ní Fhlaitheartha, láithreoir aimsire TG4

Beidh láithreoirí aimsire TG4 ag babhtáil le láithreoirí aimsire RTÉ arís i mbliana chun Seachtain na Gaeilge i gcomhar le Energia a chomóradh. 

Beidh Darren Ó Dubhgáin, Fiona Ní Fhlaithearta agus Donncha Ó Murchú TG4 ag babhtáil le Nuala Carey, Karina Buckley agus le Helen Curran.  Ní bheidh siad ag taisteal de bharr shrianta Covid-19 áfach, ach déanfar na míreanna a thaifeadadh i TG4 agus in RTÉ nó in aice le tithe na láithreoirí féin. Is é Darren Ó Dubhgáin a bheidh ag cur príomhfheasachán aimsire TG4 i láthair ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann ag 18:57, díreach roimh Nuacht TG4, agus as sin rachfar chuig Nuala Carey RTÉ i nDún Laoghaire agus chuig Karina Buckley a bheidh taobh amuigh d'Áras an Uachtaráin.

Is í Helen Curran a chuirfidh feasachán aimsire RTÉ One News and Weather i láthair agus rachfar chuig Fiona Ní Fhlaithearta TG4 ansin a bheidh ag Túr Chamuis i gConamara, áit a bhfuil radharc álainn amach is amach as. Nuair a bheidh Fiona réidh rachfar chuig Donncha Ó Murchú i mBóthar na Trá.

Is éard a dúirt Fiona Ní Fhlaithearta "Is deis iontach a bheidh anseo le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge ar bhealach éagsúil agus an dlúthchairdeas atá idir TG4 agus RTÉ le fada an lá a léiriú."

Nuala Carey

Is éard a dúirt Karina Buckley "Táim ag súil le húsáid a bhaint as mo chúpla focal i mbliana mar chuid de Bhabhtáil na Láithreoirí Aimsire do Sheachtain na Gaeilge. Ní bheidh sé de dheis agam faraor cuairt a thabhairt ar lárionad chraoltóireacht na Gaeilge i mBaile na hAbhann i mbliana de bharr shrianta Leibhéal 5 ach beidh an deis agam an aimsir a chur i láthair ó thaobh amuigh de theach fhear mór na Gaeilge, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn. B'fhéidir go bhfeicfimis Bród & Misneach freisin, má bhíonn an t-ádh orainn!"