Scríobhann tuairisceoir nua de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin faoin gcéad choicíos sa ról nua ag obair ó Dháil Éireann.
Nuair a insím do dhaoine gur tháinig mé abhaile go hÉirinn le linn na paindéime tar éis cúig bliana ag cur fúm sa Bhruiséil, ceapann siad go bhfuil me as mo mheabhair. B'fhéidir go bhfuil an ceart acu. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil mé thar a bheith sásta gur fhill mé ar Éirinn – níos éasca é a rá anois agus é déanta agam! – agus go bhfuil mé ag súil leis an gcéad chaibidil eile de mo shaol sna míonna atá amach romham.
Tá ríméad orm dul ag obair le Raidió na Gaeltachta – mar Ghaeilgeoir, mar Éireannach agus go deimhin mar imirceach, aithním an tábhacht agus an luach a bhaineann le Raidió na Gaeltachta. Crann taca a bhí ann dom agus mé thar lear a chabhraigh liom nasc a choinneáil beo le hÉirinn agus le pobal na Gaeilge. Cuirtear seirbhís d’ardchaighdeán ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge, agus tá mé faoi chomaoin mhór ag foireann Raidió na Gaeltachta gur chreid siad ionam cur leis. Tá súil agam go ndéanfaidh mé amhlaidh.
Is deacair aon áit a fhágáil tar éis cúig bliana. Is deacra arís imeacht i lár paindéime – nuair nach mbíonn an deis chéanna agat slán a rá le do chairde, nuair a dhéantar gach rud ó thaobh eagrúcháin de níos casta arís agus arís eile, agus ar ndóigh nuair a bhíonn tú faoi strus ag smaoineamh ar COVID-19. Bheartaigh mé ar bhogadh agus an deis a thapú go tapa – ní raibh mórán ama agam machnach a dhéanamh air. Bhí an t-ádh liom go raibh cairde agus comhradaí tí iontacha agam a chabhraigh go mór liom – agus a shil deora liom. Is cuimhneach liom gur dúradh liom tráth áit a fhágáil agus tú fós i ngrá leis – cé gur le tromchroí a d’fhág mé slán ag cathair agus cairde na Bruiséile, choinnigh an dóchas ag imeacht mé – agus tar éis coicíse i mBaile Átha Cliath, ní athróinn aon cheo.
Tá gnóthaí na Dála, mar a shamhlófa, thar a bheith gnóthach. Éirim go moch ar maidin agus is minic go gcríochnaím go déanach sa thráthnóna ach is éasca tabhairt faoin lá nuair a bhíonn an oiread le hullmhú agus an oiread ag tarlú. Tá an t-ádh liom go bhfuil foireann nuachta Raidió na Gaeltachta chomh gairmiúil, tuisceanach agus lách, agus gur chuir siad fáilte gnoíúil romham ón gcéad lá ariamh. Is mór agam é. Tá an t-ádh liom chomh maith go bhfuil na hiriseoirí eile i dTeach Laighean ar an gcaoi chéanna – bíonn muid ag obair as lámh a chéile, cé go mbíonn an iomaíocht géar.
Níl sé seo ach ina thús ach táim ag súil leis an aistear atá romham. Coicís suimiúil a bhí inti – fógra an rialtais go mbeidh muid ag fanacht ag leibheál a cúig, achrann i measc na bpáirtithe agus mearbhall ar an bpobal faoina bhfuil ag dul ar aghaidh – ach ábhar dóchais ann chomh maith le spriocanna uaillmhianacha i dtaobh chlár vacsaínithe an rialtais – le dóchas agus le dúthracht a thabharfaidh muid faoin gcéad cuid eile!
Is féidir leat tuairiscí Eoin a chloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.