Sheol Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn Seachtain na Gaeilge le Energia na bliana seo le físeán spreagúil aréir.

D'oscail an tUachtarán an fhéile go hoifigiúil agus ansin lean comhrá álainn, oscailte idir Ambasadóirí na Féile, Bláthnaid Treacy, Imelda May agus Declan Hannon faoina spéis siúd sa Ghaeilge.