RTÉ Páirtnéir Oifigiúil na Meán Cumarsáide ag Conradh na Gaeilge maidir le Seachtain na Gaeilge na bliana seo a bheidh ar siúl ó Dé Luain, an 1 Márta, go dtí Dé Céadaoin, an 17 Márta.
Beidh sceideal cuimsitheach d'ábhar Gaeilge á chur ar fáil ag RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar na meáin dhigiteacha chomh maith le feachtas margaíochta arna cheapadh go speisialta ag RTÉ d'fhonn spreagadh a thabhairt don uile dhuine leas a bhaint as na cúpla focal
We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Seo a leanas roinnt de na buaicphointí:
AR AN TEILIFÍS
Chomh maith leis na Cláracha Gaeilge, beidh cuid mhór cláracha eile ar fud sceideal RTÉ páirteach i Seachtain na Gaeilge 2021.
Cláracha Gaeilge
· Cuirfear tús le sraith nua ceithre chlár de Mo Threibh (My Tribe) ar RTÉ One, Dé Luain an 8 Márta ag 1930. Peter Coonan atá i mbun na reacaireachta ar an tsraith a sheachnaíonn barrscéalta na gceannlínte ionas go léirítear na criúnna Hip Hop, an t-aos Indie, na Ravers agus na Metallers mar atá siad dáiríre, cíoradh á dhéanamh ar an rud a gcuireann siad croí agus anam ann agus ar an gcaidreamh a cheanglaítear leis an treibh lena mbaineann siad. Réimsí den saol iad seo ar annamh léiriú orthu ar an teilifís in Éirinn ach foilsítear sa tsraith seo roinnt den ábhar spéise a bhaineann le fochultúir dhiamhracha.
· Ar an gclár speisialta Cúpla Focal, beidh an tsúil ghéar á caitheamh siar ar mhúineadh na teanga ar an teilifís le himeacht na mblianta, ar shraitheanna de leithéid Buntús Cainte, Anois is Arís, Dilín Ó Deamhas, Telefís Scoile, Now You're Talking, Turas Teanga agus seoda nach iad... Dé Máirt, 16 Márta ag 1900
· Leantar i sraith nua de Cosc le scéal na cinsireachta in Éirinn ó ré bhunú an Stáit aniar agus scrúdaítear roinnt de na samplaí is mó iontais agus conspóide. I rith chláracha na sraithe seo, scrúdófar an cosc a cuireadh ar amhrán cáiliúil na Dubliners, 'Seven Drunken Nights', an t-úrscéal The Dark le John McGahern, ar "the ban" agus an tráth ar cuireadh deireadh le Pionós Corpartha.
RTÉ2 agus RTÉjr
Gach Céadaoin ón 14 Aibreán ar aghaidh, beidh uair a chloig (8-9i.n.) d'ábhar ardchaighdeáin de chuid RTÉ agus TG4, arna léiriú i nGaeilge in Éirinn, á chraoladh ar RTÉ2. Agus táthar gnóthach ag ullmhú Peppa Pig as Gaeilge chomh maith, clár a chuirfear ar fáil ar RTÉjr agus ar an RTÉ Player go ríghairid. Beidh ábhar nua Gaeilge do leanaí le feiceáil i rith Sheachtain na Gaeilge chomh maith:
· Tá Mya Go ar ais le sraith nua. Sraith do leanaí réamhscoile seo atá bunaithe ar chailín óg atá chomh tógtha sin leis an saol go dtéann sí i bhfeidhm ar an uile dhuine
atá ina timpeall. Tá Mya Go ina cónaí i mbaile mór bríomhar Everyday leis an gcuid eile de mhuintir Go agus caitheann sí an lá ag cur eolais ar an saol atá thart uirthi. Luan go Aoine ag a 8.05r.n. ar RTÉ Jnr
· Beidh Bóín agus Beach ag tosú Dé Luain an 8 Márta ar RTÉjr le scéalta deasa faoi shaol an dúlra de réir mar a chuireann sin ionadh ar Bhóín Dé agus ar Bheach. Luan go Aoine ag a 7.00r.n. agus 8.40r.n.
· RTÉ Home School Hub - Beidh Cluichí éagsúla ar siúl ag Séamus Madra i rith Sheachtain na Gaeilge a chuideoidh leis an uile dhuine cur leis an stór focal Gaeilge atá acu. Agus beidh Niall agus Seán McDonagh, beirt deartháireacha ón gcomhlacht léiriúcháin High Rock Productions isteach is amach ar Home School Hub lena ndearcadh greannmhar féin ar an spraoi agus ar an gcantal a théann le foghlaim na Gaeilge. Luan go Aoine ag a 10.00 ar RTÉ TWO.
Ceol
Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá Ceolfhoireann Coirme RTÉ ag obair i gcomhar leis an amhránaí/cumadóir iomráiteach John Spillane - tá an bailéad cumasach ‘All the Ways you Wander’ á aistriú go Gaeilge ag Simon Ó Faoláin agus beidh an leagan Gaeilge á chanadh ag Niamh Farrell as Sligeach. Tráth a bhfuil gach duine ag smaoineamh ar ghaolta agus ar chairde i bhfad ó bhaile, meabhraítear san amhrán seo dúinn gur gearr go mbeifear i gcuideachta a chéile arís. Beidh an taifeadadh speisialta á sheoladh ar fud chainéil shóisialta RTÉ.
Cláracha Creidimh
Agus ceiliúradh á dhéanamh ar chothrom 225 bliain ó bunaíodh Coláiste Phadraig, Má Nuad, craolfar Aifreann dátheangach ar RTÉ One Lá Fhéile Pádraig á léamh ag an Athair Tomás Surlis, agus beidh an tAifreann á chraoladh as Ardeaglais Leitir Ceanainn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag a 11r.n. Beidh an tAifreann á léamh ag an Easpag Alan Mac Eochagáin, Easpag Ráth Bhoth, agus Cór Gaeilge na hArdeaglaise a bheidh i mbun an cheoil.
AR AN RAIDIÓ
Beidh níos mó ná cúpla focal le cloisteáil ar sheirbhísí raidió RTÉ i rith Sheachtain na Gaeilge:
· Beidh feasacháin dhátheangacha nuachta agus spóirt á gcraoladh gach lá ar RTÉ 2FM;
· Leanfar le StaidAIR ar RTÉ 2fm i rith na seachtaine
· Ar an 13 agus an 14 Márta, leaganacha dátheangacha a chraolfar ar RTÉ Radio 1 de Céili House le Kieran Hanrahan (Dé Sathairn ag 9 i.n.), The Rolling Wave le Aoife Nic Cormaic (Dé Domhnaigh ag 9 i.n.) agus Simply Folk le Ruth Smith (Dé Domhnaigh ag 10 i.n.) chun tús maith a chur le seachtain na Féile Pádraig.
· Ar RTÉ Radio 1 freisin, ar Lá Fhéile Pádraig, beidh an Múinteoir Ray Cuddihy in ionad Ray D’Arcy ar Mise Freshin’ agus cíoradh á dhéanamh aige ar théamaí bithbhuana cheol na ndaoine agus cheol traidisiúnta na hÉireann de réir mar a tharla a mhúnlú i gceol HipHop anall go dtí an lá atá inniu ann agus níos faide ar aghaidh. (3.30 – 5 i.n.)
· Craolfar eagrán speisialta freisin ar Lá Fhéile Pádraig den phodchraoladh Gaeilge Beo ar Éigean ar RTÉ Radio 1. Beidh na mná le feiceáil freisin ar an RTÉ Guide lena rogha 10 gcinn d'abairtí Gaeilge nach ceart d'aon duine a bheith amuigh dá n-uireasa.
· Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beifear ag caint ar Bladhaire, arna chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin, le heagraíochtaí ar fud na tíre faoina gcuid pleananna féin maidir le Seachtain na Gaeilge.
AR LÍNE
Beidh an chuid is fearr den ábhar Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge á chaomhnú ar RTÉ Player. Beidh Turas Teanga, an tsraith 20 clár foghlaim teanga ar fáil ionas gur féidir focail nua a fhoghlaim.
Ar RTÉ.ie, beidh na nathanna cainte is fearr leo i nGaeilge á gcur in iúl ag pearsana cáiliúla agus beidh ceangal le Today gach lá nuair a bhíonn Maura agus Dáithí ag roghnú an chuid is fearr leo féin. Bí cinnte go seiceáiltear RTE.ie/Gaeilge maidir leis na scéalta agus na tuairiscí is deireanaí faoi Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le hábhar speisialta de chuid RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh réimse d'ábhar Gaeilge de chuid RTÉ agus TG4 ar taispeáint ar RTÉ Player.
AGUS AN SCÉAL DEIREANACH TAR ÉIS NA SCÉALTA IS DEIREANAÍ, SCÉAL NA hAIMSIRE
Beidh scéalaithe na haimsire ag teacht agus ag imeacht i rith Sheachtain na Gaeilge, agus babhtáil ar siúl idir RTÉ agus TG4. Beidh láithreoirí aimsire RTÉ le feiceáil ar TG4 agus láithreoirí aimsire TG4 le feiceáil ar RTÉ.
Bíonn an nuacht is deireanaí maidir le Seachtain na Gaeilge ar RTÉ le fáil ar rte.ie/culture, rte.ie/gaeilge, chomh maith le cuntais RTÉ ar Facebook, Twitter agus Instagram faoin gclibín #snag.
Tá níos mó eolais faoi Sheachtain na Gaeilge féin ar fáil ar www.snag.ie.