Labhair Bronagh Ní Chuilinn le hÁine Ní Bhreisleáin faoina haistear le PCOS chomh maith le dúshláin a bhain lena meabhairshláinte ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá Bronagh ag cur fúithí san Astráil anois ach sular bhog sí go dtí ansin, ba in Éirinn a bhí sí nuair a fuair sí amach go raibh PCOS uirthi. Dúirt sí gur thit sí i laige agus í san Ollscoil agus tugadh í go dtí an ospidéal ach ar dearnadh neart tastálacha uirthi.
Cé go bhfuil an siondróm seo sách coitianta i mná an domhain, deir Bronagh nach bhfuil daoine ag caint faoi agus go bhfuil sí ag iarraidh an tabú sin a bhriseadh lena cuntas instagram. Ar an gcuntas sin, labhrann Bronagh faoi na dúshláin a bhaineann go fisiciúil chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le cúrsaí meabhairshláinte.
Tá Bronagh ag iarraidh dul i ngleic le gruaig ar a smig, deacrachtaí le meachan a chailliúint agus dúshláin lena fuil mhíostrúil chomh maith nithe eile, rud a chiallaíonn go bhfuil an saol 'thar a bheith deacair'.
Nuair a chuaigh Bronagh chomh fada leis an dochtúir, ní raibh taithí dhearfach aici leo agus dá réir, tá faitíos uirthi dul chuig dochtúirí ó shin.
Tá Bronagh anois ar aiste bia a thacaíonn leo siúd atá ag fulaingt leis an siondróm seo agus tá ag éirí léi meachán a chailliúint agus tá sí den tuairim go bhfuil sé ag cabhrú léi.
Is féidir leat aistear Bhronagh a leanúint anseo
Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3-5