Labhair Dr. Noel Ó Murchadha le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi fhás na bhfocal iasachta ar nós, so, like, really sa chaint laethúil.

Léachtóir san Oideachas é Ó Murchadha agus deir sé gur dtugtar 'marcóirí dioscúrsa' ar na focail ar nós, like, em, just, anyway agus so. Deir sé go bhfuil sé ag déanamh tinnis do dhaoine áirithe mar go gceapann siad go léiríonn siad go bhfuil an Ghaeilge ag dul i laige, cé nach bhfuil gach duine den tuairim sin, ach an oiread.

Deir sé go bhfuil an tuairim ann gur 'comhartha ar easpa líofacha an chainteora' iad ach ar an lámh eile gur bhféadfá a rá go bhfuil feidhmeanna eile ann leis na focail sin. Luann sé go líonann siad bearnaí chomh leis sin, go léiríonn sé don té eile atá ag éisteacht nach bhfuil an cainteoir críochnaithe ag caint agus go leagann siad béim ar an gcéad rud eile a dhéarfaidh an té atá ag caint.

'Deineann gach éinne é seo', a deir an Dr Ó Murchadha agus é ag caint ar an gcómhthéacs domhanda ach go bhfuil sé le sonrú sna teangacha ar fad. Tá roinnt taighdeoirí anois atá in amhras fiú anois an focail Bhéarla iad seo a thuilleadh nó an ndearnadh focail áitiúla astu.

Ceist atá ann ná an bhfuil na focail seo ag cur brú ar na focail Ghaeilge agus deir Noel go bhfuil níos mó agus níos de na focail Bhéarla ag teacht isteach sa Ghaeilge.

Tá a cuid marcóirí dioscúrsa féin ag an nGaeilge, focail ar nós; cogar, an dtuigeann tú, abair, dhera srl ach b'fhéidir nach bhfuil siad chomh forleathan agus a bhí.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00