skip to main content

Sagartóireacht go scéalaíocht: Saol agus Saothar Mhichael Harding

Labhair an t-údar, Michael Harding, le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol go dtí seo ó shagartóireacht go scéalaíocht.

As Cabhán ó dhúchas é Michael, cé go bhfuil sé ina chónaí i gcontae Liatroma. Páiste cuthaileach ab ea Michael nach raibh mórán 'craic' aige, dár leis féin. 

Bhí tionchar ag cúpla sagart ar Mhichael agus deir sé go gcreideann sé go fóill go bhfuil Dia in 'achan áit', sa nádúr agus i ndaoine.

Tugadh leabhar filíochta de chuid Patrick Kavanagh do Mhichael agus bhí tionchar láidir ag an bhfile as Muineachán ar Mhichael. Chabhraigh Kavanagh leis a thuiscint go bhféadfá a bheith i d'fhile, le do chanúint áitiúil. Bhí Harding i mbun pinn ó aois an-óg, ag scríobh filíochta, drámaíochta agus colún agus é ina dhuine óg.

Bhí spéis ag Michael dul leis an spioradálacht agus bhí spéis aige a bheith ina shagart, cé gur thuig sé go raibh dúil aige i mná. Chuaigh Michael chuig Má Nuad agus rinne sé staidéar ar Bhéarla agus Socheolaíocht.

Chaith sé cúpla bliain mar mhúinteoir agus ansin d'fhill sé ar Mhá Nuad le bheith ina shagart. Shíl sé ag an am go raibh an Eaglais Chaitliceach chun athrú agus go mbeadh cothromas éigin ann, rud nár tharla. Chaith sé ceithre bliana mar shagart nuair a thuig sé go raibh sé 'ar an mbus mícheart'.

Tá creideamh Mhichael fós leis, cé nach bhfuil sé ag cleachtadh mar shagart. Tuigeann sé go bhfuil an Chríostaíocht ar an taobh istigh do dhaoine agus deir sé go bhfuil deireadh leis na hinstiúidí eaglasta. 

Chinn Michael go rachadh sé lena chroí agus go dtosódh sé ag scríobh. Dúirt sé go raibh sé beo bocht ar feadh tamaill. Casadh a bhean air agus dúirt sé go raibh 'fhios aige go raibh sé i ngrá ón gcéad lá.

Tá podchraoladh ag Michael anois, áit a gcuireann sé síos go hionraice ar a shaol, agus ar a chuid mothúchán, fiú más in ísle brí atá in Michael.

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.