Anocht, ar a 8pm, ar Facebook agus ar suíomh gréasáin an Oireachtais, beidh teacht le chéile ceolmhar, Gaelach ag comóradh Nollaig na mBan


Beidh scoth an cheoil traidisiúnta, amhránaíocht ar an sean-nós, filíocht agus na taibhealaíona teangbhunaithe le cloisteáil ó bhuaiteoirí chomórtais liteartha agus chomórtais ardán thar na mblianta.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Amhránaíocht le Bláithín Mhic Cána, Caitlín Ní Chualáin, Máire Ní Choilm, Máire Ní Chéileachair, Máirín Uí Chéide, Nell Ní Chróinín & Róise Nic Corraidh.
Lúibíní le Deirdre & Caoileann Ní Dhonnchadha.
Filíocht le hÁine Durkin, Áine Ní Ghlinn, Máire Dinny Wren, Réaltán Ní Leannáin &  Róisín Sheehy.
Ceol Traidisiúinta le Siobhán Ní Mhuimhneacháin & Louise Cronin, Deirdre & Caoileann Ní Dhonnchadha.

Bí linn beo ar Facebook an Oireachtais nó ar www.antoireachtas.ie @ 8.00 p.m., Dé Céadaoin, 6 Eanáir 2021.