Anocht, ar a 8pm, ar Facebook agus ar suíomh gréasáin an Oireachtais, beidh teacht le chéile ceolmhar, Gaelach ag comóradh Nollaig na mBan
Beidh scoth an cheoil traidisiúnta, amhránaíocht ar an sean-nós, filíocht agus na taibhealaíona teangbhunaithe le cloisteáil ó bhuaiteoirí chomórtais liteartha agus chomórtais ardán thar na mblianta.
Amhránaíocht le Bláithín Mhic Cána, Caitlín Ní Chualáin, Máire Ní Choilm, Máire Ní Chéileachair, Máirín Uí Chéide, Nell Ní Chróinín & Róise Nic Corraidh.
Lúibíní le Deirdre & Caoileann Ní Dhonnchadha.
Filíocht le hÁine Durkin, Áine Ní Ghlinn, Máire Dinny Wren, Réaltán Ní Leannáin & Róisín Sheehy.
Ceol Traidisiúinta le Siobhán Ní Mhuimhneacháin & Louise Cronin, Deirdre & Caoileann Ní Dhonnchadha.
Bí linn beo ar Facebook an Oireachtais nó ar www.antoireachtas.ie @ 8.00 p.m., Dé Céadaoin, 6 Eanáir 2021.