Scríobhann Áine Ní Bhreisleáin faoin gclár faoi phisreoga agus béaloideas i dTír Chonaill a craoladh Mí na Nollag 2020.
'I seanchas na ndaoine tá baint acu i gcónaí le rud inteacht mí shaolta' Sin mar a rinne an bailitheoir béaloidis Séan Ó hEochaidh cur síos ar chuid de na pisreoga a bhain le imirt chártaí , ach is cur síos iontach foirsteánach sin ar nósanna agus córais creidimh san am a chuaigh thart tré chéile.
Chreid na daoine in iompar ar leith agus dá n-imeodh duine ón ghnáth chóras sin, nó neamh-aird a dhéanamh ar rialacha an tsochaí, bheadh impleachtaí agus tionchar ag sin orthu agus ar a bpobal .
Bhí na pisreoga mar chuid lárnach den tsochaí, go háirithe sochaí na tuaithe agus na Gaeltachta , a iompar síos na glúnta..
Thaifead RTÉ Raidió na Gaeltachta go leor cláracha agus míreanna a dhírigh ar na pisreoga, féilte na bliana agus seanchas fá thaibhsí nó síogaí , agus sa chlár seo, tá cuid de na hagallaimh sin le cluinstin arís.
Bhain go leor de na pisreoga agus nósanna le cursaí oibre cosúil le iascaireacht , agus beidh Seán Ó hEochaidh ag trácht ar na nósanna a bhí coitianta ar chósta Iar Dheisceart Thír Chonaill – bean rua agus madadh rua a sheachaint ma bhí iascaire ag gabháil chun na farraige agus ceann aisteach go leor , gan oiniúin a bheith leat isteach ar bhád!
Beidh mná as na Rosa , Bidí Uí Bhaoill agus Gracie Uí Dhomhnaill ag roinnt a gcuid scéalta faoi thaibhsí agus na mairbh , Cití Ned Nic Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair le cluinstin ag inse fá nósanna an phósta agus cleamhnais agus pisreoga faoin aimsir a roinnt ag Andy Mac Daibhéid ón Ghaeltacht Lár.
Cluinfear fosta fá na gnásanna a bhain le Lá Bealtaine, Oíche Shamhna agus fa bhealaí le ádh maith a mhealladh ar líon tí.