Amárach, Dé Luain, 28 Nollaig @ 7.30pm ar RTE1, féachann Laochra Cois Laoi ar an éacht a rinne Corcaigh sa bhliain 1990 nuair a bhain siad Craobh Uile Éireann sa pheil agus san iomáint.
Beidh cuimhne go deo Cois Laoi ar an bhliain 1990 nuair a d'éirigh le peileadóirí an iománaithe an chontae craobhacha Uile-Éireann sa pheil agus san iomáint a thabhairt leo in imeacht coicíse. Éacht ab ea é nach raibh déanta roimhe sa bhfichiú haois agus níl an 'dúbailt’ bainte amach ag aon contae ó shin.
Níor mheas mórán go mbeadh iománaithe Chorcaigh iomaíoch i gCraobh na bliana 1990. Bhuail Port Láirge iad an bhliain roimhe sin agus níor tugadh seans dóibh ag dul isteach i gCluiche Ceannais na Mumhan i gcoinne Thiobraid Árann. Ach i ndiaidh sár-thaispeántas ó Mark Foley, bhí an bua ag Corcaigh le farasbarr 8 bpointe agus i ndiaidh dóibh Aontroim a chloí bheadh siad le Gaillimh sa gcluiche ceannais.
Níorbh amhlaidh an scéal leis na peileadóirí mar gurb iad seaimpíní na hÉireann i ndiaidh dóíbh an lámh in uachtar a fháil ar Mhaigh Eo i 1989. Ach bhí naimhdeas idir iad féin agus an Mhí, a bhí buacach i gcoinne Chorcaigh i 1987 agus 1988, agus bhí fuath ag na foirne dá chéile. Thug Corcaigh léasadh do Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan agus ansin bhuail siad Ros Comáin chun áit a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann don gceathrú bliain as a chéile, agus ag fanacht leo bhí an Mhí.

Bhí na hiománaithe i dtrioblóid sa chéad leath i gcoinne na Gaillimhe ach fuair siad gríosadh ag leath-am ón mbainisteoir, an Canónach Michael O’Brien, agus d’aimsigh siad 4 chúl sa dara leath chun a 27ú craobh Uile-Éireann a bhuachaint. Ansin dhírigh daoine a n-aird i dtreo na peileadóirí agus ar Teddy McCarthy, imreoir a raibh deis aige anois boinn Uile-Éíreann a bhuachaint leis an dá fhoireann.
Bhí na peileadóirí ar fheabhas i gcoinne na Mí agus in aineoinn gur imir siad formhór an chluiche le ceathrar déag, bhí Shea Fahy go hiontach dóibh agus bhí an gaisce déanta ag na Reibiliúnaithe, iad buacach sa pheil agus san iomáint. Ní dhéanfar dearmad go brách ar na radharcanna sa chathair nuair a d’fhill an fhoireann peile abhaile, nuair a thug na captaein buacacha Larry Tompkins agus Tomás Mulcahy Corn Mhic Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh dá chéile ar an ardán, agus a gcuid lucht leanúna san flaithis.
I Laochra Cois Laoi labhraíonn Garry Mac Donncha leis na captaein Larry Tompkins agus Tomás Mulcahy faoina gcuid cuimhní, agus cloiseann muid ón ngaiscíoch a bhua dhá chraobh in aon bhliain amháin, Teddy McCarthy. I mbun agallamh freisin tá Ger Canning, Michael Moynihan, Brian Tyers, Rena Buckley agus Liam Mac an Mhaoir.
‘Next thing there is a bang at the door (Croke Park dressing room) and who comes in but my Dad who throws his arms around me and says ‘well done son’. I’ll always cherish that, that’s probaly one of my greatest moments’
Tomás Mulcahy
Laochra Cois Laoi, Dé Luain, 28 Nollaig @ 7.30pm ar RTE1