Sa tsraith seo, labhrann muid le craoltóirí de chuid RTÉ faoina bpleananna don Nollaig agus an bhliain a bhí acu go dáta. Seo mar a bheidh ag Dara Ó Cinnéide, bainisteoir réigiúin RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.
An bhfuil buaicphointe oibre agat ón mbliain eisceachtúil seo?
Dhein an Saol ó Dheas sraith cláracha samhraidh amuigh faoin aer, uair sa tseachtain, i measc na muintire ar fuaid Chúige Mumhan i mbliana. Bhíos ag feidhmiú mar oifigeach sláinte agus sábháilteachta le hEdel Ní Loibhéad mar léiritheoir sraithe, Helen Ní Shé á cur i láthair agus Brian Nammock i mbun cúrsaí fuaime. Scaoileamair fé i gCuas a' Bhodaigh i dtús an Mheithimh, thugamar camchuairt ar geall leis gach paróiste Gaeltachta sa Mhumhain agus faoin dtráth go raibh an samhradh istigh agus sinn thar n-ais i gCathair an Bhoghaisín fé shleasa Chnoc Bréanainn, bhí cothú anama fachta againn go léir ón sraith, misneach factha agus tugtha agus cuimhní geala a sheas linn isteach sa Gheimhreadh.
Cad leis a bhfuil tú ag súil an Nollaig seo?
Gealas i lár na léithe, gliondar sa ghruaim, simplíocht, suaimhneas agus siúlóidí sléibhe. Tá ceathrar leanaí againn agus is trína súile siúd a theastaíonn uaim an Nollaig a fheiscint na laethanta seo.
An bhfuil aon ní a bhraithfidh tú uait ó bhlianta eile nach bhfuil ceadaithe i mbliana?
Is mór an trua ná beidh an Dreoilín i gCorca Dhuibhne i mbliana againn. Lá dár saol isea an Dreoilín gach uile bliain agus sinn ag tabhairt camchuairt na bparóistí leis na leanaí agus leanaí na gcomharsan agus ag baint ceann scríbe amach i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar le titim oíche. Beidh lá eile.

Cén amhrán Nollag is fearr leat?
Do scrígh Caoimhín Ó Cinnéide ó Bhaile an Mhordhaigh dán aoibhinn fadó, Coinnle an Linbh Íosa, agus tá leagan ana bhreá den ndán sin ag iníon, Chaoimhín, Éilís, le tionlacan ó Gerry O'Beirne ar an nguitar taifeadta sa Raidió i mBaile na nGall againn. Tá an Nollaig go léir ansan. É deachumtha, fileata, grástúil agus na liricí breátha ag siosmairt le binneas an cheoil.