skip to main content

Seaimpíní na Nollag – Ré órga i ndán do Luimneach agus Baile Átha Cliath ar thairseach na staire arís.

Scríobhann Garry Mac Donncha, tráchtaire spóirt agus tuairisceoir faoi Chraobhacha Iomána agus Peile na bliana seo a bhí in amhras ach atá anois ag tarlú i dtimpeallacht uaigneach Pháirc Uí Chrócaigh.

Seaimpíní na Nollag – Ré órga i ndán do Luimneach agus Baile Átha Cliath ar thairseach na staire arís.

Ar an Domhnach seo caite bhí sé de phribhléid agam a bheith i mbun tráchtaireachta ar an gcluiche ceannais iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh idir Luimneach agus Port Láirge. Caithfidh mé a admháíl nár cheap mé go bhfeicfeadh muid aon chluichí ceannais i mbliana nuair a d'fhógair an CLG i mí Meitheamh seo caite go mbeadh na Craobhacha Iománaíochta agus Peile 2020 le n-imirt i mí Dheireadh Fómhair agus go mbeadh na cluichí ceannais ar an dá dheireadh seachtaine roimh an Nollaig. Tá ard-mholadh tuillte ag CLG agus ag na foirne idir-chontae go léir as a bheith ábalta cluichí a chur ar fáil dúínn le cúpla mí anuas. Tháinig na coimhlintí go tiubh s’ go tréan gach Satharn agus Domhnach, lán le heachtraí a thug neart ábhar cainte dúinn agus a ghiorraigh oícheanta fada an gheimhridh.

Agus mé ag siúl síos Bóthar Mhic Sheoin an lá cheana, aistir atá déanta agam ar lá na gcluichí ceannais iománaíochta agus peile os cionn leathchéad geábh ó a d’oibrígh mé ar mo chéad cluiche ceannais i 1997, níor casadh oiread agus duine amháin orm ar mo shlí isteach go Páirc an Chrócaigh. Go hiondúil bíonn an bóthar sin dubh le daoine 3 uair an chloig roimh thús na himeartha. Rith liricí Don Henley liom ón amhrán Boys of Summer 'nobody on the road, nobody on the beach’. Bhí an áit bánaithe agus uaigneach agus in aineoinn go raibh sé go hiontach gur imríodh an cluiche ceannais, tá súíl le Dia agam go mbeidh 82,000 lucht leanúna i láthair ar an lá mór i 2021. Agus bíodh amhlaidh más rud é go gciallaíonn sé sin gur Craobh Iománaíochta agus Peile Geimhridh a bhéas againn arís an bhliain seo chugainn.

Garry i bPáirc an Chrócaigh

Bhí Luimneach dosháraithe Dé Domhnaigh seo caite. Tá scoth na n-imreoirí acu, lán le scil, láidreacht, ocras agus díocas agus is sárbhainisteoir é John Kiely. Nuair a labhraíonn sé bionn rudaí fiúntacha le rá aige agus bhí mé an-tógtha freisin le hóráid Declan Hannon théis dó Corn Mhic Cárthaigh a chrochadh in airde agus leis an chaoi gur labhair Gearóid Hegarty agus Cian Lynch freisin. Tháinig na rudaí a bhí le rá acu óna gcroíthe, iad ag cuimhniú orthu siúd a bhí imithe ar shlí na fírinne, iad siúd atá ag obair ar an líne thosaigh agus ár ndóigh ar na daoine agus gaolta uilig a bhí sa mbaile i Luimneach. Tá go leor cainte ar ré órga na Dubs sa pheil faoi láthair – creidim gur ré órga í seo d’iománaithe Luimnigh agus feicim iad ag buachaint ar a laghad dhá chraobh eile as seo go ceann roinnt blianta.

Ós ag caint ar Bhleá’Cliath mé, tabharfaidh said aghaidh ar Mhaigh Eo don 9ú huair sa chraobh ó 2012 ar an Satharn beag seo.. Bhí na Connachtaigh buacach an bhliain sin sa gcluiche leath-cheannais ach ansin theip orthu i gcoinne Dhún na nGall ar an lá mór. D’imir na foirne i gcluichí ceannais 2013, 2016 agus 2017 agus ní raibh tada eatarthu sna cluichí sin le Bleá’ Cliath buacach i 2013 le farasbarr aon phointe amháin, chríochnaigh cluiche ceannais 2016 cothrom le Bleá’ Claith buacach san athimirt 1-15 in aghaidh 1-14, agus ansin i 2017 arís is pointe amháin a bhí idir na foirne ag ceann scríbe le fir na hardchathrach ag tabhairt leo an dara ceann as an gcúig cinn stairiúil de chraobhacha Uile-Éireann as a chéile atá acu faoi láthair. Deirtear go méadaíonn an aithne an taircaisne, ach go hiondúíl bíonn cluichí spórtiúil idir na foirne seo.

Beidh 30 contae go leith ag súil go mbeidh Maigh Eo cathréimeach ar an Satharn, (tá aithne agam ar chuid de mhuintir na Gaillimhe atá ag súíl nach bhfuil ach an teip i ndán dóibh) ach i ndáiríre ní fheicim ach toradh amháin, agus sin bua réasúnta éasca ag na seaimpíní le Maigh Eo fágtha in umar na haimléise babhta amháin eile. Tá an cúl báire is fearr riamh, Stephen Cluxton, fós i mbarr réime gan aon chúl scaoilte isteach aige i gCraobh na bliana seo, agus tá sé ar dhuine de chúigear i dteannta Philly McMahon, James McCarthy, Kevin McManamon agus Cian O’Sullivan (má bhíonn sé sa scuad) a bheás ag súil le haithris a dhéanamh ar éacht na gCiarraíoch Páidí Ó Sé, Mikey Sheey, Pat Spillane, Denis ‘Ógie’Moran agus Ger Power – sin 8 mbonn Uile-Éireann a bheith ina nglaic acu. 10 mbliana ó shin níor mheas mórán go bhféadfaí é a dhéanamh riamh arís, ach is dóigh liom go ndéanfaidh imreoirí Bhleá’ Cliath gaisce ar an Satharn. Ón bhfoireann a thosaigh ina mbua i gcoinne An Cabhán níl cluiche craoibhe fiú caillte ag David Byrne, Eoin Murchan, John Small, Robert McDaid, Niall Scully, Sean Bugler, Paddy Small, Con O’Callaghan agus i mo thuairim an t-imreoir lár páirce is fearr a chonaic mé riamh Brian Fenton.

Brian Fenton

Is cuma liomsa cé atá buacach, ach bheinn thar a bheith sásta mar thráchtaire dá mbeadh cluiche drámatúil, cóngarach, iomaíoch agus fiú conspóideach againn. Cá bhfios, ní raibh aon duine ag súil go mbuafadh Corcaigh ar Chiarraí, An Cabhán ar Dhún na nGall ná Tiobraid Árann ar Chorcaigh sa pheil i mbliana. Ach beidh lá dá saol ar pháirc an áir ag teastáil ó leithéidí Cillian O’Connor, a fuair 4-9 in aghaidh Thiobraid Árann i dtaispeántas dochreidthe, Aidan O’Shea, Paddy Durcan, Lee Keegan agus Tommy Conroy más rud go bhfuil seans na ngrást ag Maigh Eo Corn Mhic Uidhir a thabhairt leo don gcéad uair ó 1951.

Pé rud a thárlaíonn beidh sé stairiúil agus tá an t-ádh dearg orm go mbeidh mé i láthair.

Is é iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide a bhéas liom sa mbosca tráchtaireachta agus tá ár dtráchtaireacht i nGaeilge le fáil beo ar RTÉ NewsNow agus ar an RTÉ Player.

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 19 Nollaig : Baile Átha Cliath v Maigh Eo 17.00 Páirc an Chrócaigh