Other Voices is back in Dingle and even though we're not there, we can still enjoy the best of music and creativity from Corca Dhuibhne. Cogar is the Irish language element and this year's line up looks dochreidte. 

Togra ildánach ealaíne as Gaelainn é Cogar faoi stiúir an ealaíontóra, Áine Ní Chíobháin. Deineann eagrán na bliana seo ár dteanga dhúchais a chomóradh le hamhráin, rince agus leis an bhfocal labhartha.

Ciara Ní É

Mar chuid den togra taispeánfar, don chéad uair riamh, trí ghearrscannán a coimisiúnaíodh do shraith Cogar. Tugann an togra ceoltóirí iontacha, rinceoirí agus filí le chéile ar an spól taispeána úr seo atá déanta in éineacht le Collective Films.

Le feiscint beidh: Muireann Nic Amhlaoibh, Rachel Poirier, Rónán Ó Snodaigh, Ciara Ní É, Tor Cotton, Dairena Ní Chinnéide, Méabh Ní Bheaglaoich, Niamh Varian-Barry, Peter Staunton agus Séamus Barra Ó Súilleabháin.

Taispeánfar trí ghearrfhíseán chorraitheacha ar líne an Domhnach seo chugainn an 6ú Nollaig ag 2:00 pm! Féach orthu ar Other Voices Facebook, YouTube agus Twitter.