Where do you start when you want to buy Irish and keep sustainability in mind? Seo chugainn ár gcolúnaí Nollag faoi na bronntanais áille atá sa mhála aici cheana féin.
Thosaigh mé ag smaoineamh ar an tsiopadóireacht Nollag ag deireadh mhí Mheán Fómhair - bhí a fhios agam go mbeadh an bhliain seo éagsúil.
What to do, what to do?
Ar an gcéad dul síos, bheadh orm dul i ngleic leis an tsiopadóireacht ar líne i gceart! Ar an dara dul síos, oiread agus is féidir, bhí mé ag iarraidh tacú le crafters anseo in Éirinn.
Challenge to myself accepted!!
Seo thíos cuid de na bronntanais iontacha a d'aimsigh mé:
Aileen makes these gorgeous things in her workshop near the Phoenix Park. Never has concrete looked so beautiful! We’ve gotten the candleholders, the coasters and the planters as presents for people and can confirm that they look even better in real life than they do on the website!
Is dócha go bhfuil tuairim ann go bhfuil leithéidí cóstaeirí agus coinnleoirí ina mbronntanais "éasca", ach is bronntanais faoi leith iad seo – mura gcuireann tú coinnle isteach sa choinnleoir riamh ná gloine ar an gcóstaer, beidh píosa ealaíne i do theach.
Fuaireamar coinnleoir álainn mar bhronntanas tamall ó shin, Peas in a Pod, agus thaitin sé chomh mór sin linn, go raibh orainn an dream a chruthaigh a aimsiú. Tá coinnleoir eile agus clár mionghearrtha ceannaithe againn mar bhronntanais agus tá siad go hálainn ar fad.
They were lovely to deal with, as well, just like everyone else on this list.
Is maith liom bronntanas a cheannach a mhairfidh go deo, atá galánta, agus atá praiticiúil agus is cinnte go bhfuil an trí rud sin i gceist le Slated. There’s huge choice in the products on the site and we chose these placemats.
Ed Hammond is a Master Slate Craftsman. Thug a bhean chéile, Tara, faoi deara go bhféadfaí earraí don taobh istigh a dhearadh ón tslinn chomh maith agus chuir siad tús le Slated.
Féach an cupán seo:
Bronntanas iontach dóibh siúd a deir nach féidir leo cupáin in-athúsáidte a úsáid mar gheall ar an mblas plaisteach. Agus tá siad iontach cool! There’s a wide range of bowls and cups and more on the site.
Tá maisiúcháin Nollag acu chomh maith agus is féidir iad a phearsantú – measaim féin gur bronntanas álainn sin. It’s something you take out every year and there’s always a story to go with it.
Ruby Robin Khrystyna makes the most beautiful wildflower jewellery. I was completely taken by the dandelion seed pieces – like holding on to a wish.
Cheannaigh mé seo do chara liom, chuir an píosa seodra seo ise i gcuimhne dom, má dhéanann sé sin ciall ar chor ar bith. D’fhéadfá na huaireanta an chloig a chailleadh ag breathnú ar an seodra álainn atá ar fáil ar an suíomh seo.
For the children in your life, this father and daughter team in Sandymount in Dublin make the most gorgeous wooden toys. Cheannaigh muid an cluiche X + O – seo an saghas cluiche a thiocfaidh amach arís agus arís eile agus tá súil agam go mbeidh sé á thabhairt don chéad ghlúin eile chomh maith. Chomh simplí, agus is féidir na píosaí adhmaid a choinneáil taobh istigh den mhála canbháis, a oibríonn mar chlár cluiche chomh maith. Genius!
Cheannaíomar dhá lampa dúinn féin anseo. Bhíomar sa tóir ar chúpla lampa le tamall agus mhol cara dom an siopa seo. Ní hamháin go bhfuil na lampaí go hálainn ach tá scoth na seirbhíse do chustaiméirí ar fáil. (Let’s just say we did something a bit silly when we got the lamp home and it turns out we blew a fuse, but we brought it back and were sorted out within minutes.) Beidh muid ar ais chuig an dream seo!