Insíonn 'Sé mo Laoch, príomhshraith cheoil thraidisiúnta TG4, scéalta roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr in Éirinn. Ag tosú ar TG4 Dé Domhnaigh 15 Samhain 9.30pm le scéal agus saol an phíobaire, Phaddy Keenan.
Déantar ceiliúradh i ngach ceann den 5 chlár faisnéise uair an chloig seo ar chumas ceoil agus cruthaitheachta roinnt de na taibheoirí is cáiliúla agus is mó a bhfuil ardmheas orthu sa tír.
Tugann an tsraith seo, atá á léiriú do TG4, ardán don éagsúlacht mhór ceoil agus ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn ó "Jimi Hendrix na bpíobaí", Paddy Keenan, go dtí na deirfiúracha Nollaig Casey agus Máire Ní Chathasaigh as Corcaigh, Gabriel McArdle amhránaí as Fear Manach agus Geraldine & Éamonn Cotter, deirfiúr agus deartháir as Co. an Chláir, gan trácht ar rí 'Kerryoke’ é féin, Séamus Begley. Is cláir ar leith agus dlúthbhainteacha iad ar fad ina n-insítear scéal na gceoltóirí ceannródaíocha seo ina bhfocail féin.
Tosaíonn an tsraith le súil siar ar shaol agus ar ghairm an Phíobaire Paddy Keenan. Tá Keenan ar dhuine de na Píobairí Uilleann is cáiliúla in Éirinn. Rugadh é i dteaghlach cáiliúil de cheoltóirí taistil. Bhí a chuid ceoil ina chuid lárnach d’fhuaim an Bothy Band. Is fíorannamh a dhéanann Paddy agallamh agus tá meallacacht aige a tharraingíonn ceoltóirí agus lucht leanúna chuige féin agus a chuid ceoil. Beidh Paddy Glackin chomh maith le Matt Molloy, Tríona Ní Dhomhnaill, Peter Browne, Séimí O’Dowd, Éamonn De Barra agus John McSherry páirteach sa chlár.
Ag tosú ar TG4 Dé Domhnaigh 15 Samhain 9.30pm