Rinne ceiliúradh ar ilghnéitheacht na meán Gaeilge aréir ag na Gradaim Chumarsáide ar líne. Ó chláracha teilifíse go cláracha raidió, scannáin agus iriseoireacht, léiríodh neart agus cruthaitheacht na ndaoine atá ag obair sa réimse.

"Déanaim comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí uile na bliana seo," a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, An tOireachtas, Leas-Stiúrthóir an Oireachtais. "Tá saothar thar na bearta, faoin choinníollacha diana, déanta ag lucht na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Bhí siad linn i gcónaí, ar ár scáileáin, ar líne agus ar na haerthonnta agus táimid faoi chomaoin acu as seirbhís chumasach, chruthaitheach, tharraingteach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta."

Helen Ní Shé, craoltóir solabhartha na bliana

BUAITEOIRÍ GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2020

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta

IRISEOIR NA BLIANA Seán Mac an tSíthigh, TG4 & RTÉ

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA Uchtú: Evanne Ní Chuilinn, Tyrone Productions

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA Eoghan McDermott, Junior Eurovision, TG4

FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA #IsDeontóirMé, Clann Mhic Gabhann

SCANNÁN NA BLIANA Arracht, Macalla Teoranta

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL Aon Scéal?, Phoenix FM

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA Ruaille Buaille, Highland Radio

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA An Bhoirinn, Phoenix Films

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA Helen Ní Shé, RTÉ Raidió na Gaeltachta

RÉALTA ÓG NA BLIANA Máire-Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta

BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS Áine Ní Churráin