Labhair muid le Máire Bríd Ní Chualáin atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla agus atá ainmnithe mar Réalta Óg ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana

Cad a chiallaíonn sé duit a bheith ainmnithe mar Réalta Óg na bliana? 

Tá sé go h-álainn a bheith ainmnithe don ghradam seo agus is deas na rud an t-ainmniúchán a fháil. 

Is mór an onóir dom a bheith ainmnithe don ghradam seoin éineacht le réalta óga den scoth. Tá gradam tuillte acu ar fad. Tá siad ar fad iontach. Ní raibh súil ar bith agam leis an ainmniúchán seo.  

Ceapaim gur álainn an rud an t-ainmniúchán a fháil, mar go dtugann sé aitheantas don obair atá daoine óga a dhéanamh sna meáin. Tá sé iontach freisin an méid daoine óga atá ag fáil obair sna meáin a fheiceáil.  

Tá ardú croí tugtha ag an méid daoine atá tar éis teachtaireachtaí deasa a sheoladh chugam ó fuair mé an t-ainmniúchán dom. Tá mé chomh buíoch do chuile dhuine atá tar éis an t-anró and an costas a chur orthu féin vóta a chaitheamh dom.  

Máire Bríd Ní Chualáin

Cad a mheall tú i dtreo na meán, an raidió ach go háirithe? 

Bhí suim i gcónaí agami gcúrsaí teilifíse agus raidió. Bhíodh an raidió ar i gcónaí sa mbaile. D'fhás mé aníos ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta dfhéadfá rá.  Fuair mé an-deiseanna freisin i gcónaí ag dul ar scoil, idir deiseanna a bheith pairteach i ndrámaí nó i ndíospóireachtaí. 

Is i Scoil Náisiúnta Cholmcille ar an Tuladh a chuaigh mé ag an scoil bheag agus i gColáiste Cholmcille in Indreabhán a chuaigh mé ag an meánscoil. Is dócha, nár thuig mé go díreach an méid suime a bhí agam sna meáin ná i gcúrsaí cumarsáide nó go ndearnadh mé BA sa Chumarsáid le hOllscoil na hÉireann Gaillimh. 

Bhí an cúrsa an-phraiticiúil agus bhí léachtóirí den scoth ar an gcúrsa a mhúscail mo chuid suime níos mó arís sna meáin. Bhí an t-ádh liom 9 mí a chaitheamh ar thaithí oibre le hIris Aniar i 2014,mar chuid den chúrs, nuair a bhí mé 19 bl. d-aois, is ansin a bhí a fhios agam go raibh mo chroí sa raidió agus tá an t-ádh liom a bheith ag obair sa raidió anois ón mbliain 2015. 

Tá deiseanna go leor faighte agam ó thosaigh mé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta idir láithriú agus léiriú cláracha nuachta, cúrsaí reatha agus irise, chomh maith le bheith ag tuairisciú agus ag léamh na nuachta.

Tá cláracha ceoil, fáisnéise agus siamsaíochta curtha i láthair thar na mblianta seo agam freisin

Tá tuairisciú déanta agam ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre agus bhí baint ag cuid de na scéalta sin le tubaistí, tragóidí, imeachtaí agus cruinnithe. 

Tá tuairiscí nuachta teilifíse ar roinnt scéalta déanta agam don chlár nuachta agus cúrsaí reatha 7LÁ ar TG4 chomh maith.

An bhfuil craoltóir ar bith a spreagann tú agus tú i mbun craoltóireachta? 

Le bheith fírinneach tá go leor acu ann agus dá dtosnóinn ag ainmniú bheadh faitíos orm go bhfágfainn duine éigin amach.  Tá iar-chraoltóirí agus craoltóirí reatha de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a spreagann mé agus tá an t-ádh liom gur éirigh liom ní amháin oibriú leoachbhí an t-adh orm foghlaim ó chuid de na craoltóirí sin freisin.  Tá craoltóirí ar stáisiúin eile freisin a dtaitníonn an stíl láithreoireachta atá acu nó an chaoi a gceistníonn siad daoine liom.  

Má tá tú ag iarraidh vóta a chaitheamh do Mháire Bríd, cuir téacs GRADAM1 go 51500