skip to main content

Saol cheolmhar Cholm Mhic Con Iomaire

Ba é an ceoltóir agus cumadóir as Baile Átha Cliath ball de na Frames agus Kila tráth a labhair le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina shaol ceolmhar agus cultúrtha go dtí seo.

Tá Colm ag plé le grúpaí ceoil le fada an lá agus tá trí albam aonair curtha amach ag Colm mar cheoltóir aonair. 

Labhair Mac Con Iomaire faoina chúlra mar chlann a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. D'fhreastail Colm ar Scoil Lorcáin agus ansin Coláiste Eoin i ndeisceart an chontae. Deir sé gur ceannródaithe iad a mhuintir a bhunaigh scoileanna agus a thuig gur gá go mbeadh leanúnachas idir oideachas agus an baile.

Bhí idir ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach a bhí sa bhaile ag Colm agus dá réir, bhí sé timpeallaithe ag an gceol sa bhaile agus deir sé go raibh meas ar an gceol ar scoil freisin.

Chaith Colm go leor ama ag buskáil ar sráid Grafton deir sé gur coláiste ceoil a bhí ann dóibh, áit ar chas sé le Mic Christopher agus Glen Hansard, i measc daoine eile. 

Trí thimpiste, ar bhealach, a tháinig The Frames le chéile, mar go raibh cairdeas idir na ceoltóirí ach chomh maith le sin, bhí Colm ag taifead ceoil blianta ó shin le Colm Ó Snodaigh agus casadh Glen air a bhí ag taifead thuas staighre agus bhí leo!

Ag caint ar a chuid cumadóireachta féin, deir sé nach ionann aon dá spreagadh agus nach dtagann sé in aon líne dhíreach ach an oiread. Is gá go mbeadh meas agus ceangail aige leis an ábhar chun go dtiocfadh an ceol amach tríd a chuid méaracha.

Tá beirt mhac anois ag Colm agus tá cónaí air i Loch Garman agus é a seinim ceoil go minic sa teach le linn na dianghlasála, rud a chabhraigh le go leor a bhí sáinnithe sa bhaile.v

Craoltar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3 go dtí'na 5