Scríobhann Dáithí De Mórdha mar gheall ar an tsraith nua, Cartlann Bhóthar na Léinsí atá ag tosnaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chlúdaíonn scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta. 

Bunaíodh RTÉ RnaG i 1972, an dara stáisiún raidió sa tír, tar éis feachtas pobail i gConamara a d'éiligh seirbhís raidió as Gaelainn do phobal na Gaeltachta. Ó shin i leith, tá gach gné de shaol, de stair, de shochaí agus de chultúr na Gaeltachta craolta ar fud na tíre ag Raidió na Gaeltachta, agus cartlanna fuaime ollmhóra bailithe i gCúige Mumhan, i gConnacht agus i gCúige Uladh. 

Maítear go minic go bhí cartlann fuaime RnaG ar an gcartlann is mó d’aon teanga neamhfhorleathan ar cheithre cneasa an domhain. Is beag pobal in aon áit ar domhan go bhfuil a gcartlann fuaime féin acu. 

Ceann des na caipíní a bhíonn ormsa ná gur eitneolaí mé. Feictear dom gur seod luachmhara d’RTÉ agus don dtír i gcoitinne na cartlanna seo, agus go bhfuil scata le foghlaim uathu i dtaobh saol na tíre seo le cúpla céad bliain anuas. Mar shampla, cuid des na daoine a cuireadh ar téip sna 1970í, bhíodar os cionn cheithre fichead bliain d’aois, agus nasc díreach a bhí iontu leis an naoú haois déag agus leis an glúin a mhair tar éis an Drochshaoil. Is fiú éisteacht leosan. 

Éist leis an gclár thíos faoi 'Aimsir na dTans' An Ghaeltacht, 1916 agus Cogadh na Saoirse - Dóirín Mhic Mhurchú, Rinn Ua gCuanach - Seosamh Ó Dálaigh, Dún Chaoin - An Suibhneach Meann, Múscraí

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ar feadh blianta móra fada, bhíodh an clár Cartlann Bhóthar na Léinsí á chraoladh ó Bhaile na nGall ag Jeaic Ó Muirchearthaigh, clár ina mbíodh scoth an ábhar ó Chúige Mumhan a craoladh ar RnaG ón dtús. Bhí ana-éileamh ar mar chlár, ach tháinig deireadh leis i 2018. 

Tá an clár tharnais, áfach, ar sceidil an fhómhair i mbliana, gach maidin Domhnaigh ar a 9.30am. Bíonn muintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí na Mumhan le clos ar an gclár, agus míle rud á phlé – stair, seanchas, litríocht, filíocht, spórt, cultúr agus an saol i gcoitinne. Bíonn téama ar leith againn gach seachtain (mar shampla, cogadh na saoirse a bhí againn an tseachtain seo d’imigh tharainn), agus bíonn deis ag na héisteoirí ábhar a lorg. 

Ach ní gá gur ar an aimsir anallód a bheimid ag caint i gcónaí. Mar shampla, dhein Helen Ní Shé ana-agallamh le Emma Mhic Mhathúna ar an Saol Ó Dheas roinnt blianta ó shin, agallamh inar nochtadh an scannal a bhain le cervical check, agus tá sé sin ar cheann de na píosaí raidió is cumhachtaí atá cloiste agam in aon teanga. 

Fé mar a deirim, tá cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta ina thaifead rí-thábhachtach ar shaol na Gaeltachta agus na hÉireann, agus is é an trua é a fhágaint balbh. Sin é an fáth go bhfuil Cartlann Bhóthar na Léinsí tharnais ar an aer!

Craoltar Cartlann Bhóthar na Léinsí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 9:30a.m - 10:00 Dé Domhnaigh.

Is féidir leat an clár a leanúint ar twitter anseo