skip to main content

Cad ata i gceist le bheith i d'ealaíontóir inniu? Tá Áras na Scríbhneoirí ag iarraidh cloisteáil uait!

Is am eisceachtúil é seo agus tá cursaí ag baint leis a chruthaíonn deacrachtaí d'ealaíontóirí a gcuid saothar a fhorbairt. Tá ealaíontóirí faoi bhrú saothar a chruthú, ag am a bhraitear go bhfuil sé sin dodhéanta.

Tá fonn ar Áras Scríbhneoirí na hÉireann cloisteáil faoi na deacrachtaí sin. I bhfianaise an ráig leanúnach de COVID-19, tá Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag fógairt babhta nua de scéim na Scríbhneoirí Cónaithe Baile, atá deartha le tacaíocht airgeadais a sholáthar do scríbhneoirí roghnaithe, agus le machnamh a dhéanamh ar cad atá i gceist le bheith i d’ealaíontóir sa lá atá inniú ann. Aidhm na deise seo ná tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí agus iad ag fiosrú na ndeacrachtaí a bhaineann le saothar a chruthú le linn na tréimhse seo, agus a bpróiseas a roinnt le pobal níos leithne. Ba mhian linn beirt Scríbhneoirí Cónaithe Baile na Gaeilge a cheapadh. 

Ar feadh tréimhse dhá sheachtain, déanfaidh an bheirt scríbhneoirí a roghnófar taifead ar a gcuid cleachta chruthaithigh agus iad ag forbairt saothar a bheidh idir lámha acu cheana féin, cibé acu úrscéal, gearrscéal, aiste phearsanta, nó rud éigin eile a bheidh i gceist. Le linn na tréimhse sin, roinnfidh siad vlaganna gearra agus/nó postálacha ar na meáin shóisialta faoina ndul chun cinn agus na deacrachtaí a bheidh rompu. Tabharfaidh na postálacha sin léargas ar phróiseas an scríbhneora, agus beidh siad ina bpíosaí machnamhacha ar chúrsaí cruthaíochta faoi láthair. Dhéanfadh an scríbhneoir dhá iontráil físdialainne ar a mhéad in aghaidh na seachtaine, aon nóimeád ar fad an cheann. Lena chois sin, iarrfar ar an scríbhneoir alt 1500 focal a scríobh lena fhoilsiú, ag cuimhneamh ar an bpróiseas cruthaitheach.

Tá gach eolas faoin scéim seo ar fáil anseo